Pasanna

shlrg_my000395.jpg

**Gníomh Tionscail sa tSeirbhís Pas**

Eisíonn Oifig na bPasanna, atá ina chuid den Roinn Gnóthaí Eachtracha, pasanna do shaoránaigh na hÉireann.

Tá Saoránaigh na hÉireann go léir i dteidlíocht cur isteach ar Phas Éireannach.  Tá seirbhís curtha ar fáil ag Oifigí na bPasanna  i mBaile Átha Cliath agus Corcaigh  agus ag  Misin Taidhleoireachta agus Consalachta thar lear.

Tá Pasanna de dhíth chun taisteal chuig gach tír ach amháin an Ríocht Aontaithe. (Ba chóir duit a thabhairt faoi deara, áfach, go mbíonn aitheantas fótagraif de dhíth ag aerlínte áirithe anois le haghaidh eitiltí chuig an RA). Ach amháin taisteal go dtí an RA, tá pas bailí de dhíth ag saoránaigh na hÉireann chun taisteal go dtí gach ceann scríbe eile san AE.

Tá an ceart ag gach saoránach an AE dul isteach agus cónaí i limistéar aon Bhallstát de chuid an Aontais le tréimhse suas go trí mhí gan ach pas bailí nó aitheantas náisiúnach a thaispeáint: níl aon fhoirmiúlacht eile de dhíth.  Ní féidir le Ballstáit coinníollacha breise a leagan síos mar gheall ar an mbailíocht is lú fhad an chárta aitheantais nó an phas.

Ní mór do Shaoránaigh na hÉireann atá ag taisteal go háiteanna taobh amuigh den AE cloí le ceangaltais faoi leith na dtíortha sin maidir le neamhnáisiúnaigh ag iontráil a gcuid limistéar agus ba chóir dóibh teagmháil a dhéanamh leis an Ambasáid bhainteach. 

Balaíocht Phasanna

Eisítear naonáin (suas go 3 bliana) le pas trí bliana.  
Eisítear leanaí 3-17 bliana d'aois le pas 5 bliana.  
Eisítear daoine 18 bliana d'aois agus níos mó le pas deich mbliana.  
I gcásanna áirithe (m.sh. nuair atá pas atá goidte nó caillte), féadfaidh Oifig na bPasanna srian a chur le balaíocht phas atá ina áit. 

Má tá ceist agat maidir le seirbhísí phas nach bhfuil freagra tugtha uirthi sa chodanna seo thíos ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hOifig na bPasanna nó d'Ambasáid nó Consalacht is gaire duit. 

Eisiúintí Gaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.
Conas pas a fháil

Conas pas a fháil

Cuir iarratas isteach go luath! Tá sé molta, má tá tú i do chónaí in Éirinn, úsáid a bhaint as Seirbhís na bPasanna Luais atá ar fáil ag an gcuid is mó d'oifigí an phoist. Mura bhfuil deifir ort do phas a fháil is féidir leat iarratas a chur isteach tríd an ngnáthphost ach ba chóir duit 4-6 seachtaine a chead ar a laghad chun do phas a fháil ar ais. Má tá tú i do chónaí thar lear déan iarratas chuig do Mhisean Éireannach is gaire duit. Go ginearálta ceadaigh ar a laghad 4 seachtaine chun do phas a eisiúint ina leithéid de chásanna.

Read More Here
Comhairle Taistil

Comhairle Taistil

Sula n-imíonn tú thar lear, tabhair cuairt ar na leathneacha comhairle taistil.

Read More Here

Cuir iarratas isteach go luath! 

Ná fan go dtí an nóiméad deireannach chun cur isteach ar do phas.  Seiceáil go bhfuil sé bailí fós i bhfad roimh thaisteal duit thar lear.  Dearbhaíonn tíortha áirithe anois nach mór do phas a bheith bailí ar feadh sé mhí ar a laghad tar éis thús do chuairte; mar sin seiceáil an dáta éaga go cúramach. 

Is iad na tréimhsí is gnóthaí d'Oifigí na bPasanna i mBaile Átha Cliath agus Corcaigh ná ón gCáisc suas go deireadh Iúil  Le linn an ama sin, ceadai ar a laghad sé seachtaine le do thoil chun d'iarratas a phróiseáil má cuireann tú isteach tríd an ngnáthphost agus ná tar isteach i bpearsan chuig Oifig na bPasanna ach amháin má tá sé thar a bheith riachtanach.
Má tá tú i do chónaí in Éirinn, nó sna ceantair sa Bhreatain Mhór nó Tuaisceart Éireann, a sholáthraíonn Seirbhís na bPasanna Luais, moltar go mór duit an tseirbhís seo a úsáid.

Seirbhísí Pas

Tá Seirbhísí Pas trí Ghaeilge ar fáil do gach saoránach na hÉireann. Is é polasaí Oifig na bPasanna déileáil le hiarratasóirí agus comhfhreagras a fhreagairt trí Ghaeilge, nuair a iarrtar é.
Más mian leat labhairt le ball foirne le Gaeilge in Oifig na bPasanna, cuir é sin in iúl, le do thoil, agus beidh áthas orainn freastal ort dá réir.

Barr