Caidreamh Déthaobhach Eacnamaíochta

Ról an Rannáin um Chaidreamh Déthaobhach Eacnamaíochta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha

Ról an Rannáin um Chaidreamh Déthaobhach Eacnamaíochta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.Oibríonn an Rannán um Chaidreamh Déthaobhach Eacnamaíochta (BER), taobh istigh den Rannóg um Chur Chun Cinn na hÉireann thar Lear, i gcomhar le gníomhaireachtaí stáit, ranna rialtais eile agus an earnáil phríobháideach chun deiseanna margaidh nua a aimsiú

  • oibriú i ndlúthpháirtíocht le gníomhaireachtaí stáit agus ranna eile Rialtais agus leis an earnáil phríobháideach chun deiseanna nua margaidh a aithint, agus chun feasacht a spreagadh gur chomhpháirtí roghnaithe gnó í Éire agus gurb ionad de scoth an domhain í ó thaobh oideachais agus ardteicneolaíochta agus chun infheistiú agus taighde agus forbairt eolaíochta a dhéanamh inti; 
  • éascú a dhéanamh ar fhorbairt na trádála agus na hinfheistíochta i margaí i mbéal forbartha lena n-áirítear cur i bhfeidhm gnéithe bainteacha de Straitéis na hÁise de chuid an Rialtais agus cur chuige straitéiseach a fhorbairt maidir le réigiún na Murascaille;  
  • cabhrú le cuideachtaí Éireannacha rochtain a fháil agus a choinneáil le haghaidh a gcuid earraí agus seirbhísí. 

Doiciméad faoi Straitéis na hÁise (PDF 255kb)

Tá sé d'aidhm aige seo dlús a chur faoin idirghníomhaíocht go léir idir pholaitiúil, ghnó agus eile leis na tíortha Áiseacha sin a dtugtar tosaíocht dóibh, agus é sin go léir chun go mbainfidh Éire i bhfad níos mó tairbhe ó thrádáil agus go mbeidh na buntáistí eile aici a thagann ó thrádáil go rathúil leis an réigiún. 

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha ina páirtí mar aon leis an Roinn Fiontair, Tráchtála agus Fostaíochta agus ranna agus comhlachtaí eile stáit maidir le cur i bhfeidhm Straitéis na hÁise.  Tá ról faoi leith aici faoin Straitéis maidir le caidreamh a fhorbairt idir Éire agus le hocht tír tosaíochta na hÁise - an tSín, an tSeapáin, Deisceart na Cóiré, Singeapór, An India, An Mhalaeisia, An Indinéis agus Vítneam.  

Barr