Caidrimh Idirnáisiúnta
Tá beartas eachtrach na hÉireann bunaithe ar ár luachanna agus ár leasanna. Is daonlathas liobrálach í Éire, le geilleagar saormhargaidh atá beag agus an-oscailte. Tá caidrimh an-dlúth againn lenár gcomharsana Eorpacha, go háirithe lenár gcomhpháirtithe san Aontas Eorpach. Mar gheall ar ár bhforbairt stairiúil agus eacnamaíoch, áfach, tá naisc láidre againn leis na Stáit Aontaithe, agus tá naisc dhaonna agus chultúrtha thábhachtacha againn le Ceanada, an Astráil agus an Nua-Shéalainn. Braitheann Éire go bhfuil gaolmhaireacht aici leis an domhan i mbun forbartha, go háirithe an Afraic. Tá forbairt thapa ag teacht ar ár gcaidrimh eacnamaíocha le codanna eile den domhan, an Áise ach go háirithe.
Tá ár mballraíocht de na Náisiúin Aontaithe ó 1955 agus ár mballraíocht den Aontas Eorpach ó 1973 mar ghné lárnach de bheartas eachtrach na hÉireann. Tá Éire tiomanta do chothabháil na síochána agus na slándála idirnáisiúnta faoi Chairt na NA agus do mheas ar dhlí idirnáisiúnta. Aithnímid na hidirnaisc riachtanacha idir slándáil, forbairt agus cearta daonna, mar a aithnítear i gcáipéis toraidh an Chruinnithe Mullaigh Dhomhanda i 2005. Tá Éire an-ghníomach sna réimsí a bhaineann le dí-armáil agus le cosaint cearta daonna.
Laistigh den AE, oibrímid lenár gcomhpháirtithe chun Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an AE a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, mar atá i bhfócas laethúil Rannóg Pholaitiúil na Roinne. Tá sé d'aidhm ag an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála comhoibriú polaitiúil idir ballstáit an AE a mhéadú:
- chun comhluachanna, leasanna bunúsacha, neamhspleáchas agus iontaofacht an Aontais a chosaint, i gcomhréir le prionsabal Chairt na Náisiún Aontaithe;
- chun slándáil an Aontais a threisiú ar gach bealach;
- chun síocháin a chaomhnú agus slándáil idirnáisiúnta a threisiú, i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe, le cois prionsabal Acht Críochnaitheach Heilsincí agus cuspóirí Chairt Pháras, lena n-áirítear ar theorainneacha seachtracha;
- chun comhoibriú idirnáisiúnta a chur chun cinn;
- chun daonlathas agus riail an dlí, agus meas ar chearta daonna agus saoirsí bunúsacha a fhorbairt agus a dhaingniú.
Léiríonn ár rannpháirtíocht ghníomhach in eagraíochtaí náisiúnta eile, lena n-áirítear an Eagraíocht Trádála Domhanda, Comhairle na hEorpa agus an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) ár dtiomantas láidir d'iltaobhachas éifeachtach freisin.
Tá beartas de neodracht mhíleata ag Éirinn agus ní ball d'aon chomhghuaillíocht mhíleata í. Mar sin féin, ar feadh caoga bliain, tá sí ag glacadh páirte gníomhaí in oibríochtaí coinneála síochána na NA agus údaraithe ag na NA agus tá páirt ghníomhach aici i bhforbairt Bheartas Slándála agus Cosanta na hEorpa.


