Caidreamh Cultúrtha
Gné thábhachtach de chur chun cinn na hÉireann thar lear is ea Taidhleoireacht Chultúrtha
Tá oidhreacht an-saibhir ag Éirinn ó thaobh na n-ealaíon, na litríochta agus deartha de agus is sa chomhthéacs seo a feidhmíonn An Aonad Chúlturtha taobh istigh De’n Rannóg um Chur Chun Cinn na hÉireann Thar Lear na Roinne Gnóthaí Eachtracha. Oibríonn sí don chuid is mó trí líonra na nAmbasáidí thar lár agus i gcomhar le ranna agus le comhlachtaí stáit agus le daoine aonair.
Oibríonn an Aonad Chultúrtha i ndlúthpháirtíocht leis an Roinn
Oideachais agus Eolaíochta chun malartaithe oideachasúla a chur
chun cinn thar lear, agus bíonn caidreamh acu le Coimisiún
Fulbright faoi riaradh clár an Choimisiúin maidir le malartaithe
scolártha le Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tacaíonn an Aonad Chultúrtha le ról na nAmbasáidí thar lear ag
cur chun chinn na hÉireann trí mhaoiniú a chur ar fáil le haghaidh
imeachtaí cultúrtha, lena náirítear taispeántais, ceolchoirmeacha,
léamha, léachtaí agus tacaíocht eile.
Oibríonn an Aonad i ndlúth-chomhpháirtíocht le Cultúr Éireann
a bunaíodh le deireanas mar ghníomhaireacht náisiúnta chun
ealaíontóirí agus ealaíona na hÉireann a chur chun cinn thar lear.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Chultúr Éireann
anseo.
Tá dhá taispeántas taistil curtha i láthair ag an Aonad le deireanas faoi shaol agus shaothar James Joyce (2004) agus Samuel Beckett (2006)
Taispeántas Taistil "International Joyce" (2004)
Tá catalóg "International Joyce" le fáil anseo (PDF 2725kb)
Taispeántas Taistil Beckett (2006)
Tá catalóg Thaispeántas Thaistil Beckett le fáil anseo (PDF 868kb).
Ceiliúradh Cothrom 50 Bliain Bunú Caidreamh Taidhleoireachta
Rinne Éire agus an tSeapáin ceiliúradh cothrom 50 bliain bunú
Caidrimh Thaidhleoireachta i 2007 Rinne an Aonad
Chultúrtha urraíocht ar fhoilsiú díolaim dána comhaimseartha na
hÉireann mar chuid de shraith imeachtaí a heagraíodh an bhliain sin
chun an ócáid a cheiliúradh. Ba iad Irene De Angelis, PhD (Ollscoil
Turin) agus Stiúrthóir Poetry Ireland/Éigse Éireann, Joseph Woods,
na heagarthóirí agus ba é Dedalus Press a d'fhoilsigh é. Our
Shared Japan is teideal don díolaim agus bhí tionchar díreach nó
indíreach ag an tSeapáin agus ag a chultúr ar gach dán sa
leabhar. Fuarthas teideal na díolama i ndán le Seán Dunne
nach maireann The Frail Sprig.
Ba chóir dóibh siúd ar spéis leo cóip de Our Shared Japan a
cheannach dul i dteagmháil le
Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais,
Teach Sun Alliance,
Sráid Theach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
ÉIRE
Teil: + 353 1 6476879
Postdíol, Díolacháin 353 1 6476000
Centre Culturel Irlandais
Tá an Centre
Culturel Irlandais suite i bhfoirgneamh maorga Collège des
Irlandais i gcroílár Pháras. Tugann an Centre léargas ar chultúr
comhaimseartha na hÉireann agus cuireann caidreamh cultúrtha na
Fraince agus na hÉireann chun cinn.
Cliceáil anseo chun cuairt a thabhairt ar shuíomh idirlín an Centre Culturel Irlandais (An tIonad Cultúrtha Éireannach) i bPáras.
Coimisiún Fulbright
Clár oifigiúil malartuithe oideachais idir Rialtais na Stáit
Aontaithe agus na hÉireann is ea Coimisiún Fulbright na hÉireann.
Cuireann sé maoiniú ar fáil le haghaidh staidéar, taighde, múineadh
agus gníomhaíochtaí oideachasúla eile idir Éirinn agus na Stáit
Aontaithe.
Cliceáil anseo chun cuairt a thabhairt ar Shuíomh Idirlín Oifigiúil Fulbright.
Caidreamh Cultúrtha le Tíortha Eile
Rinneadh athbhreithniú sa bhliain 2004 ar an airgead a caitheadh ar chaidreamh cultúrtha na hÉireann ó 2000 go 2002. Ní féidir é a íoslódáil faoi láthair agus ach beidh sé ar fáil anseo go luath


