Cúlra polaitiúil agus croineolaíocht an phróiseas síochána

Cúlra polaitiúil agus croineolaíocht an phróiseas síochána

Tá an deighilt pholaitiúil reatha in Éirinn ann ón Acht um Rialú na hÉireann 1920.  Síníodh an Conradh Angla-Éireannach i 1921 agus i ndiaidh na gcéadta bliain faoi riail na Breataine, bhain 26 as 32 contae na hÉireann neamhspleáchas amach.  Cruthaíodh Tuaisceart Éireann as na sé chontae eile, agus lean an Ríocht Aontaithe á rialú.  Cé go raibh ardcheannas ag Parlaimint na Ríochta Aontaithe ag Westminster fós, déabhlóidíodh cumhachtaí maidir le cúrsaí éagsúla chuig Parlaimint agus Rialtas áitiúil, a bhí lonnaithe ar dtús i Halla na Cathrach i mBéal Feirste, agus a bhog chuig an bhfoirgneamh parlaiminte i Stormont i 1932.

Ó 1921 go 1972, cé gur thogh Tuaisceart Éireann baill chun parlaimint Westminster, bhí an Rialtas déabhlóidithe beagnach neamhspleách ó Londain i ndáil le cúrsaí áitiúla.  Bhí an chumhacht uile ag an bpáirtí Aontachtach, a fuair tacaíocht ón bpobal tromlaigh sa cheantar a bhí i bhfabhar aontas leis an mBreatain.  Ní raibh aon ról ag náisiúnaithe sa rialtas i ndáiríre, agus d'fhulaing siad idirdhealú in a lán réimsí ag an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear cearta vótála, tithíocht agus fostaíocht. 

I 1969 fuair lucht feachtais síochánta ar son cearta sibhialta freagra naimhdeach, smachtúil ó údaráis Stormont, rud a chuir tús le tréimhse leanúnach de ghéarchéim pholaitiúil.   Bhí sé sin ina chúis le corraíl shibhialta agus le téarnamh gníomhaíochta foréigní ag eagraíochtaí paraimíleata a bhí ag déanamh ionadaíochta ar ghrúpaí laistigh den dá phobal.

Leis an staid slándála ag dul in olcas, díscoireadh Parlaimint agus Rialtas áitiúil Thuaisceart Éireann i 1972 agus ghlac Rialtas na Breataine le freagracht dhíreach as na gnéithe uile a bhain le rialú Thuaisceart Éireann.  Seachas tréimhse ghairid amháin i 1974 nuair a bunaíodh Feidhmiúchán áitiúil ar bhonn cumhachtroinnte faoi Chomhaontú Sunningdale, go dtí mí na Nollag 1999, rialaíodh Tuaisceart Éireann trí mheán córais de rialú díreach faoi údarás Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann (ball de Chomh-Aireacht na Breataine). 

Sa tóir ar shocrú polaitiúil: 1980idí agus 1990idí

Ó thús na 1980idí ar aghaidh, chuir Rialtais na Breataine agus na hÉireann dlús lena gcomhoibriú agus iad ag iarraidh teacht ar shocrú polaitiúil ar fhadhb Thuaisceart Éireann a bheadh buan agus inghlactha go forleathan. Mar thoradh ar na hiarrachtaí seo, bunaíodh struchtúir agus meicníochtaí comhphlé agus caibidlíochta de réir a chéile, agus déanadh na prionsabail bhunúsacha bhunreachtúla agus eile ar chóir dóibh bonn a chur faoi shocrú a chóineasú.

I mí na Samhna 1985, shínigh Rialtais na hÉireann agus na Breataine an Comhaontú Angla-Éireannach (PDF 2512kb. Chuir an Comhaontú ar chumas Rialtas na hÉireann dearcaí agus tograí a chur in iúl maidir lena lán gnéithe de ghnóthaí Thuaisceart Éireann, agus trí mheán struchtúir an Chomhaontaithe, rinne an dá Rialtas obair níos déine arís chun teacht ar réiteach ar fhadhb Thuaisceart Éireann.

I 1991/92, thionóil an dá Rialtas cainteanna comhstádais leis na páirtithe polaitiúla bunreachtúla príomhúla i dTuaisceart Éireann (Páirtí Aontachtach Uladh (UUP), an Páirtí Aontachtach Daonlathach (DUP), Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP), agus Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann (APNI)). Cé gur aithníodh go raibh roinnt tuairimí comhchoiteanna acu, níor éirigh leo teacht ar chomhaontú.

Ar an 15 Nollaig 1993, d'eisigh an Taoiseach ag an am, an tUasal Albert Reynolds TD, agus Príomh-Aire na Breataine, an tUasal John Major, Forógra Comhpháirteach a leag amach cairt do shíocháin agus athmhuintearas in Éirinn.  Leag sé amach na prionsabail bhunúsacha a mbeadh gá leo chun bonn a chur faoin bpróiseas polaitiúil agus bhunaigh sé na prionsabail d'fhéinchinntiú agus de thoiliú i ndáil le stádas Bunreachtúil Thuaisceart Éireann.

Rinne an Forógra iarracht freisin bealach isteach sa phróiseas polaitiúil a thairiscint don lucht a raibh baint acu le foréigean paraimíleata tríd an méid seo a leanas a rá: "Páirtithe a bhfuil sainordú daonlathach acu agus a shuíonn go bhfuil siad tiomanta do mhodhanna síochánta agus dóibh sin amháin, agus atá tar éis a léiriú go gcloíonn siad leis an bpróiseas dhaonlathach, tá saoirse acu páirt iomlán a ghlacadh i bpolaitíocht dhaonlathach agus a bheith rannpháirteach i gcomhagallamh in am agus i dtráth idir na Rialtais agus na páirtithe polaitíochta faoin mbealach chun cinn."  Níos luaithe i 1993, d'atosaigh ceannaire Shinn Féin, an tUasal Gerry Adams, comhagallamh leis an Uasal John Hume, ceannaire an SDLP.

Ar an 31 Lúnasa 1994, d'fhógair an tIRA "sos iomlán ó oibríochtaí míleata". I ndiaidh sin, ar an 13 Deireadh Fómhair 1994, d'eisigh Comhcheannas Míleata na nDílseoirí ráiteas comhchosúil.  De thoradh na sosanna comhraic rinne an dá Rialtas comhagallamh polaitiúil díreach le Sinn Féin agus leis an dá pháirtí dhílseora, an Páirtí Aontachtach Forásach (PUP) agus Páirtí Daonlathach Uladh (UDP).

Ar an 22 Feabhra 1995, d'fhoilsigh an Taoiseach ag an am, an tUasal John Bruton TD, agus Príomh-Aire na Breataine ag an am, an tUasal John Major, Creatlach nua do Chomhaontú (ar a tugadh an Creatdoiciméad), a leag amach comhthuiscint an dá Rialtas ar a meastachán is fearr ar conas a d'fhéadfaí comhréiteach onórach a chur ar fáil trasna na gcaidreamh uile, gan dochar a dhéanamh d'ardmhianta ná leasanna aon traidisiúin nó aon phobail i dTuaisceart Éireann.  Gheall na Rialtais freisin páirt a ghlacadh i gcaibidlíocht chuimsitheach le páirtithe Thuaisceart Éireann, agus go mbeadh reifreann sa Tuaisceart agus sa Deisceart araon le go bhféadfaí toradh na caibidlíochta a dhaigniú go daonlathach.

Ba í gné thiarnasach na bliana i ndiaidh fhoilsiú an Chreatdoiciméid na hiarrachtaí a rinneadh chun cainteanna polaitiúla cuimsitheacha agus uileghabhálacha a chur ar bun.  An dúshlán is mó a bhí ann ná teacht ar réiteach chun go n-aontódh ionadaithe an phobail aontachtaigh páirt a ghlacadh i gcaibidlíocht ina raibh ionadaíocht déanta ar Shinn Féin freisin.  Ba shaincheist mhór í díchoimisiúnú na n-arm paraimíleata, rud a chuir cosc ar dhul chun cinn sna cainteanna. I mí na Nollag 1995, bhunaigh an dá Rialtas Comhlacht Idirnáisiúnta a raibh Seanadóir na SA George Mitchell ina chathaoirleach air, chun measúnacht neamhspleách a sholáthar i ndáil le saincheist an díchoimisiúnaithe. Ina thuairisc i mí Eanáir 1996 mhol an Comhlacht Idirnáisiúnta do na páirtithe uile a bhí ag glacadh páirte sa chaibidlíocht tiomantas a thabhairt do shé phrionsabal de dhaonlathas agus shíocháin, lena n-áirítear díchoimisiúnú iomlán infhíoraithe na n-arm paraimíleata uile. Mhol sé do na páirtithe togra a bhreathnú ina dtarlódh díchoimisiúnú le linn na caibidlíochta.

Ar an 9 Feabhra 1996, d'fhógair an tIRA go raibh deireadh lena shos comhraic agus chuir siad tús le foréigean arís. Gheall an dá Rialtas leanúint ar aghaidh lena gcuid iarrachtaí teacht ar chomhaontú polaitiúil, agus chuir siad in iúl go raibh súil acu go mbeifí in ann comhagallamh polaitiúil le Sinn Féin a atosú dá gcuirfeadh an tIRA an sos comhraic i bhfeidhm arís.

Cainteanna Ilpháirtí

Ar deireadh, ar an 10 Meitheamh 1996 cuireadh tús le cainteanna ilpháirtí i measc an dá Rialtas agus páirtithe polaitiúla Thuaisceart Éireann ar éirí leo i dtoghchán eagraithe go speisialta i mí na Bealtaine 1996 (an UUP, DUP, SDLP, APNI, PUP, UDP, Páirtí Aontachtach na Ríochta Aontaithe (UKUP), Comhghuaillíocht Ban Thuaisceart Éireann (NIWC) agus Páirtí an Lucht Oibre, ag eisiamh Sinn Féin toisc easpa sosa comhraic iomláin aonchiallaigh).

Bhí an Seanadóir Mitchell ina chathaoirleach ar na cainteanna, le cúnamh ó iar-Phríomh-Aire na Fionlainne, an tUasal Harri Holkeri agus iar-Ghinearál Ceanadach John de Chastelain. I ndiaidh dóibh rialacha nós imeachta a ghlacadh i mí Iúil 1996, ní dhearnadh mórán dul chun cinn sa chéad bliain toisc go raibh saincheist an díchoimisiúnaithe mar an tsaincheist thiarnasach fós. Ar an 20 Iúil 1997, d'fhógair an tIRA go raibh tús curtha lena shos comhraic arís, rud a d’fhág go raibh Sinn Féin in ann páirt a ghlacadh sna cainteanna ar an 9 Meán Fómhair. D'fhág dhá pháirtí aontachtacha, an DUP agus an UKUP na cainteanna. Mar sin féin, bhí an páirtí aontachtach is mó, an UUP, páirteach iontu fós.

Bhunaigh an dá Rialtas Coimisiúin Neamhspleách Idirnáisiúnta um Dhíchoimisiúnú (IICD) ar an 26 Lúnasa 1997 chun tuairisc a thabhairt faoin dul chun cinn maidir le díchoimisiúnú arm paraimíleata.

Ar deireadh, cuireadh tús le caibidlíocht shubstainteach an 24 Meán Fómhair 1997 i ndiaidh dóibh teacht ar chomhaontú ar chlár oibre cuimsitheach le trí shraith. Leanadh ar aghaidh leis an gcaibidlíocht go dtí Aibreán 1998. Chuir gach rannpháirtí a dhearcaí agus a thograí in iúl maidir le gnéithe an chláir oibre. De réir mar a chuaigh na cainteanna ar aghaidh, d'oibrigh na cathaoirligh neamhspleácha leis an dá Rialtas agus leis na páirtithe chun réimsí ina raibh comhaontú leathan a aithint agus chun díriú isteach ar réimsí a raibh deacrachtaí ann fós.  Ar deireadh, shocraigh na cathaoirligh neamhspleácha ar an 9 Aibreán 1998 mar spriocdháta. Sa chaibidlíocht dheireanach dhian threoraigh an Taoiseach, an tUasal Bertie Ahern TD, agus Príomh-Aire na Breataine, an tUasal Tony Blair, toscaireachtaí a Rialtas.  

Comhaontú Aoine an Chéasta 1998

Ar an Aoine, an 10 Aibreán 1998, ceadaíodh comhaontú polaitiúil cuimsitheach ar a dtugtar Comhaontú Aoine an Chéasta (nó Comhaontú Bhéal Feirste) ag seisiún iomlánach na gcainteanna. Shínigh an dá Rialtas Comhaontú nua na Breataine-na hÉireann díreach ina dhiaidh sin, inar gheall siad forálacha an chomhaontaithe ilpháirtí seo a chur i bhfeidhm, go háirithe na forálacha a bhain le hathrú bunreachtúil agus bunú institiúidí nua.

Cur i bhFeidhm Chomhaontú Aoine an Chéasta

Sna reifrinn ar an 22 Bealtaine 1998, léirigh muintir na hÉireann, sa Tuaisceart agus sa Deisceart, a dtacaíocht ollmhór do Chomhaontú Aoine an Chéasta. I dTuaisceart Éireann, chaith 71.1 faoin gcéad den daonra vóta i bhfabhar cheadú an Chomhaontaithe.  Sa  Deisceart, chaith 94.4 faoin gcéad den daonra vóta i bhfabhar ceadú don Rialtas páirt a ghlacadh sa Chomhaontú. San iomlán, vótáil 85 faoin gcéad de mhuintir iomlán na hÉireann i bhfabhar an Chomhaontaithe.  Ba é sin an chéad uair ó 1918 ar a chaith muintir uile na hÉireann vótaí le chéile chun cinneadh a dhéanamh faoina dtodhchaí pholaitiúil. Cheadaigh na toghthóirí sa Deisceart leasuithe ar Bhunreacht na hÉireann a bhí ina gcuid den Chomhaontú.

Tar éis dóibh ceadú an daonra a fháil, chuir an dá Rialtas agus na páirtithe polaitiúla i dTuaisceart Éireann tús leis an obair fhada chasta chun an Comhaontú a chur i bhfeidhm agus na hinstitiúidí a ndéanann sé foráil dóibh a bhunú. Tionóladh toghcháin chuig Tionól nua Thuaisceart Éireann ar an 25 Meitheamh 1998. Bhuail an Tionól, ina raibh formhór na suíochán ag páirtithe a bhí i bhfabhar an Chomhaontaithe, ar an 1 Iúil 1998 agus thogh siad an tUasal David Trimble ón UUP ina Chéad-Aire agus an tUasal Seamus Mallon ón SDLP ina LeasChéad-Aire

Thug Coimisiún Póilíneachta Thuaisceart Éireann (a raibh Chris Patten ina chathaoirleach air) tuairisc i mí Mheán Fómhair 1999. Chun éifeacht a thabhairt dá mholtaí, d'achtaigh Rialtas na Breataine reachtaíocht i Samhain 2000 agus Aibreán 2003. I measc na struchtúr cuntasachta nua a bunaíodh don phóilíneacht, bhí oifig an Ombudsman Póilíneachta (Samhain 2000); an Bord Póilíneachta (Samhain 2001) agus na Comhpháirtíochtaí Póilíneachta Ceantair (Márta 2003). Tháinig Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart na hÉireann (PSNI) ar an saol i mí na Samhna 2001, agus cuireadh in ionad Constáblacht Ríoga Uladh í nuair a thosaigh an chéad ghrúpa d'earcaigh nua leis an tseirbhís. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an chuid den suíomh idirlín seo a bhaineann le Póilíneacht agus Ceartas.

Ó síníodh an Comhaontú, tá dul chun cinn suntasach déanta i ndáil lena chur i bhfeidhm iomlán. Tá buanna suntasacha bainte amach i roinnt réimsí, lena n-áirítear póilíneachta, cearta daonna agus comhionannas. Bhí ar na Rialtais agus na páirtithe dul i ngleic le deacrachtaí agus iad a shárú i roinnt eochair-réimsí, go háirithe sa réimse a bhaineann le díchoimisiúnú arm paraimíleata agus oibriú cobhsaí cuimsitheach na n-institiúidí polaitiúla.

Ar an drochuair, ní raibh fíor-dheis fós ag na hinstitiúidí a bunaíodh faoin gComhaontú, go háirithe an Feidhmiúchán agus an Tionól, feidhmiú ar feadh tréimhse leanúnach ama. Ba é an chéad uair a déabhlóidíodh cumhacht do Thionól agus Feidhmiúchán nua Thuaisceart Éireann, a bhí bunaithe faoin gComhaontú, ná an 2 Nollaig 1999. Mar sin féin, mar gheall ar easaontuithe idir na páirtithe, go príomhúil maidir le díchoimisiúnú arm paraimíleata, cuireadh an Tionól ar fionraí arís agus arís eile sa dhá bhliain ina dhiaidh sin, rud a chuir isteach go mór ar a fheidhmiú.   Ar an 14 Deireadh Fómhair 2002, rinne Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, an Dr. John Reid ordú a chuir an Feidhmiúchán agus an Tionól ar fionraí, tar éis líomhaintí go raibh na Poblachtaigh ag bailiú faisnéise i Stormont.

Mar iarracht cur i bhfeidhm iomlán an Chomhaontaithe a spreagadh arís, ar an 1 Bealtaine 2003 d'fhoilsigh an dá Rialtas Forógra Comhpháirteach (PDF 88kb), a rinne cur síos ar an obair a bhí déanta acu ó cuireadh an Feidhmiúchán agus an Tionól ar fionraí i 2002, agus a d'aithin réimsí ina bhféadfaí cur i bhfeidhm leanúnach an Chomhaontaithe a chur chun cinn. Níor éirigh leis an dá Rialtas agus na páirtithe na deacrachtaí reatha uile a réiteach i rith tréimhse de chaibidlíocht dhian, agus sa toghchán don Tionól a tionóladh i mí na Samhna 2003, ba iad an DUP agus Sinn Féin na páirtithe a fuair an líon ba mhó suíochán ar an taobh aontachtach agus poblachtánach faoi seach. 

Ar an 7 Eanáir 2004, bhunaigh an dá Rialtas Coimisiún Monatóireachta Neamhspleách chun tuairiscí rialta a tháirgeadh faoi na saincheisteanna a bhain le gníomhaíocht pharaimíleata agus choiriúil agus normalú na slándála.

I ndiaidh bliain eile de chaibidlíocht dhian, inar thionóil na Rialtais Athbhreithniú ar Fheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta, bhí na taobhanna eile gar do chomhaontú. Ar an 8 Nollaig 2004, d'fhógair an dá rialtas nach raibh réiteach acu fós ar an gceist faoin bpróiseas a d'úsáidfí chun díchoimisiúnú arm paraimíleata a fhíorú, cé go raibh siad tar éis teacht ar chomhaontú leis na páirtithe maidir le formhór na saincheisteanna fágtha. D'eisigh an Taoiseach, an tUasal Bertie Ahern T.D. agus Príomh-Aire na Breataine, an tUasal Tony Blair, a dtograí do chomhaontú ar na saincheisteanna fágtha uile a bhain le próiseas na síochána.

Agus iad ag labhairt ag preasagallamh comhpháirteach i mBéal Feirste ar an lá céanna, dúirt an bheirt Phríomh-Aire go raibh súil acu go ndéanfadh muintir Thuaisceart Éireann machnamh ar an méid a bhí bainte amach agus ar an deis a chuirfí ar fáil dá nglacfaí leis an gcomhaontú ina iomláine. Léirigh siad freisin go raibh sé ar intinn acu leanúint ar aghaidh agus teacht ar bhealaí chun na bearnaí fágtha a líonadh.

Ar an 7 Eanáir 2005, thug Ardchonstábla an PSNI, an tUasal Hugh Orde, le fios don phobal gur mheas sé go raibh an IRA freagrach as creach ar phríomh-oifig Northern Bank i mBéal Feirste i mí na Nollag 2004.

I ndiaidh sin, sheol an Rialtas teachtaireacht shoiléir do cheannaireacht Shinn Féin ag cur in iúl nach mbeifí in ann institiúidí cuimsitheacha déabhlóidithe a athbhunú i dTuaisceart Éireann mura gcuirfí deireadh críochnaitheach le paraimíleatachas agus coiriúlaacht an IRA.

Ar an 6 Aibreán 2005, thug ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams, ráiteas a bhí dírithe ar an IRA, inar mhaígh sé go raibh rogha pholaitiúil ann anois in ionad "coimhlint armtha".  D'iarr sé ar an IRA machnamh a dhéanamh ar "tionscnaimh a bhainfidh bhur n-aidhmeanna amach trí mheán gníomhaíocht polaitiúil agus daonlathach amháin". I ndiaidh sin, sheol an IRA próiseas de chomhairliúchán inmheánach faoi ráiteas Adams.  

Ar an 28 Iúil 2005, d'eisigh an IRA ráiteas ag tabhairt le fios gur ordaigh a cheannaireacht deireadh a chur leis an bhfeachtas armtha. Dhearbhaigh an ráiteas gur thug ceannaireacht an IRA údarás dá hionadaí idirghníomhú leis an IICD chun an próiseas le hairm an IRA a chur as úsáid ar bhealach infhíoraithe a thabhairt chun críche. Ar an 26 Meán Fómhair 2005, chuir an IICD tuairisc faoi bhráid an dá Rialtas a dhearbhaigh go raibh díchoimisiúnú an IRA tugtha chun críche.

I ndiaidh fhógra an IICD, méadaíodh ar theagmhálacha polaitiúla le haidhm an rialtas déabhlóidithe a chur i bhfeidhm arís a luaithe ab fhéidir. Eagraíodh sraith cruinnithe ag leibhéal polaitiúil idir an dá Rialtas, agus méadaíodh ar chainteanna leis na páirtithe polaitiúla freisin, lena n-áirítear sraith cruinnithe "breithnithe" leis na páirtithe ar an 14 agus an 24 Samhain ag Hillsborough a raibh an tAire Gnóthaí Eachtracha, Dermot Ahern agus Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, Peter Hain, ina gcomhchathaoirligh orthu.

Ar an 26 Eanáir 2006, bhuail an Taoiseach, Bertie Ahern, agus an Príomh-Aire Blair le chéile i mBaile Átha Cliath chun an bealach chun cinn i ndáil le Tuaisceart Éireann a bhreathnú. D'eisigh siad ráiteas comhpháirteach i ndiaidh an chruinnithe inar luaigh siad go mbeadh 2006 ina bhliain chinntitheach don phróiseas agus inar iarr siad ar na páirtithe uile na bearta riachtanacha a chur i ngníomh chun go mbeifí in ann iontaobhas agus muinín a fhorbairt. D'fhógair siad go gcuirfí tús le cainteanna leis na páirtithe ar an 6 Feabhra, le socruithe agus clár ama a leagan amach d'aischur na n-institiúidí mar aidhm acu.

Ar an 6 Aibreán 2006, leag an Taoiseach agus an Príomh-Aire Blair amach comhstraitéis na Rialtas i ndáil le hathghlaoch an Tionóil ar an 15 Bealtaine 2006, le haischur na hinstitiúidí cumhachtroinnte mar aidhm acu. Ghlac na 108 Comhalta den Tionól Reachtach a suíocháin ag an gcéad chruinniú den Tionól ar an 15 Bealtaine - an chéad uair ar bhuail siad le chéile san fhormáid sin le trí bliana go leith.

Ar an 29 Meitheamh, bhuail an Taoiseach agus an Príomh-Aire Blair leis na páirtithe ag Stormont chun forbairtí ó athghlaoch an Tionóil a bhreithniú. Ar an lá céanna d'fhoilsigh siad plean oibre agus clár ama a leag amach na céimeanna i dtreo aischur na n-institiúidí chun na páirtithe a chabhrú lena n-ullmhúcháin don rialtas.

Sna míonna ina dhiaidh sin, bhuail na páirtithe le chéile laistigh de chreatlach Choiste um Ullmhú don Rialtas an Tionóil, a bunaíodh chun raon feidhme na hoibre ar gá í a dhéanamh chun ullmhú don rialtas a leagan amach. Bhí triúr ball faoi seach ón DUP, Sinn Féin, UUP agus SDLP agus beirt ón bpáirtí Comhghuaillíochta ar an gCoiste. Chuir an Coiste tuairiscí faoi bhráid na Rialtas i ndáil leis na saincheisteanna seo a leanas: (i) an geilleagar, (ii) saincheisteanna dlí agus oird (iii) saincheisteanna institiúide agus (iv) cearta, cosaintí, comhionannas agus saincheisteanna íospartach.

Ar an 11-13 Deireadh Fómhair, d'óstáil an Taoiseach agus an Príomh-Aire Blair cainteanna diana leis na páirtithe polaitiúla i gCill Rímhinn in Albain mar iarracht chun teacht ar chomhaontú ar na saincheisteanna uile a bhí fós gan réiteach. Ag deireadh na gcainteanna sin, d'fhoilsigh an dá Rialtas Comhaontú Chill Rímhinn.

Chuir Comhaontú Chill Rímhinn bonn faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus leag sé amach bealach soiléir ina bhféadfadh na páirtithe uile tiomantas a thabhairt d'fheidhmiú iomlán rialtas cumhachtroinnte cobhsaí i dTuaisceart Éireann agus tiomantas a thabhairt tacú go hiomlán le hinstitiúidí póilíneachta agus ceartais choiriúil, lena n-áirítear an Bord Póilíneachta.  Rinneadh dul chun cinn mór i ndáil leis sin go luath in 2007.  Ar an 28 Eanáir thug Ard-Fheis Shinn Féin tacaíocht ollmhór do rún a thug tacaíocht do phóilíneacht agus don chóras ceartais choiriúil de réir Chomhaontú Chill Rímhinn.  I gcomhthéacs chur i bhfeidhm Chomhaontú Chill Rímhinn, tionóladh toghcháin chuig Tionól Thuaisceart Éireann ar an 27 Márta 2007 agus thug toradh na dtoghchán sainordú tréan i ndáil le roinnt na cumhachta. Fuair an DUP 36 suíochán, Sinn Féin 28 suíochán, an UUP 18 suíochán, an SDLP 16 suíochán, an Páirtí Comhghuaillíochta 7 suíochán, an PUP 1 suíochán, an Páirtí Glas 1 suíochán agus bhí suíochán amháin neamhspleách.

Aischuireadh na hinstitiúidí déabhlóidithe ar an 8 Bealtaine 2007, de réir Chomhaontú Chill Rímhinn agus tiomantais tugtha ag Sinn Féin agus an DUP i gcruinniú i Stormont ar an 26 Márta 2007 de chineál nár tharla riamh roimhe sin.

Threisigh an cruinniú rathúil idir an Taoiseach Bertie Ahern agus ceannaire an DUP, an Dr. Ian Paisley ag Farmleigh ar an 4 Aibreán an tiomantas do thús nua sna caidrimh ar an oileán seo, agus treisíodh arís é nuair a chuir an Taoiseach fáilte roimh an Dr. Ian Paisley ina cháil mar Chéadaire Thuaisceart Éireann ag suíomh Chath na Bóinne ar an 11 Bealtaine.

Ar an 15 Bealtaine 2007, sa chéad óráid dá leithéid déanta ag Taoiseach, tugadh cuireadh do Bertie Ahern óráid a thabhairt os comhair Chomh-Thithe na Parlaiminte i Westminster.
Barr