Ar do Theacht in Éirinn
Beidh gach sealbhóir víosa faoi réir rialú inimirce ag an bport iontrála.
Oifigeach Inimirce ag an bport iontrála a dhéanann cinneadh faoin
fhad cuairte a cheadaítear. Léireoidh seo feidhm an turais ar
tugadh an víosa dó, agus déanfar nóta de ar do phas. Ní
thaispeánann an tréimhse bhailíochta ach na dátaí don tréimhse ina
gcaithfear an víosa a bheith curtha i láthair Oifigeach Inimirce ag
port iontrála – NÍ hionann an tréimhse bhailíochta
agus na dátaí don tréimhse a bhfuil cead agat fanacht in
Éirinn.
Caithfidh gach náisiúnach nach as an AE iad, ar mhaith leo fanacht
in Éirinn ar feadh níos mó ná 3 mhí, clárú le Biúró Náisiúnta an
Gharda Síochána um Inimirce.
Dlífear aon iarratasóir víosa a chuir isteach eolas bréagach nó
míthreorach lena n-iarratas a ionchúiseamh agus/nó a dhíbirt.
Níl se de chead agat de réir dhlí na hÉireann bheith páirteach in
aon ghníomhaíocht nó fanacht sa Stáit ar aon chúis ach amháin na
cúiseanna ar tugadh an víosa duit go sonrach orthu.
Caithfidh aon duine ar mhaith leo a bheith páirteach in aon
ghníomhaíocht in Éirinn, lasmuigh de choinníollacha an víosa, an
Stát a fhágáil agus iarratas a dhéanamh ar víosa nua. Ní
féidir leis an t-iarratasóir filleadh ar Éirinn a fhad is atá siad
ag fanacht le cinneadh maidir lena n-iarratas nua.
Dlífear sealbhóir víosa a fhanann sa Stát níos faide ná an tréimhse
cheadaithe a ionchúiseamh agus/nó a dhíbirt.


