An Ciste Frith-Sheicteachais

Feidhmíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha an Ciste Frith-Sheicteachais chun cabhrú le pobail i dTuaisceart Éireann dul i ngleic leis an seicteachas agus caoinfhulaingt a chur chun cinn.

D'eascair an tionscnamh seo as an tiomantas sa chlár don Rialtas "Ciste Frith-Sheicteach a bhunú chun cabhrú le tionscadail i gceantair chomhéadain a bhfuil sé mar aidhm ar leith acu dul i ngleic le bunchúiseanna an tseicteachais agus an teannas a scaoileadh".  

D'fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha, an tUasal Dermot Ahern T.D., seoladh an Chiste Frith-Sheicteachais le linn dó Léacht bhliantúil Naomh Bríde a thabhairt i mBéal Feirste Theas ar an 27 Feabhra 2008.

Beartaítear go mbeidh €1 milliún ar fáil chun cabhrú le tionscadail oiriúnacha le linn 2008. 

Is féidir na treoirlínte don Chiste Frith-Sheicteachais agus foirmeacha iarratais a íoslódáil anseo.

Barr

Nithe Gaolmhara

Naisc Ghaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.

Ailt Ghaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.

Cáipéisí Gaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.
Barr