Más mian leat socrú síos sa Ghearmáin, tá roinnt foirmiúlachtaí le comhlíonadh. Cosúil le Saoránaigh na Gearmáine, tá sé éigeantach dóibh siúd a bhfuil sé i gceist acu conaí sa Ghearmáin, a seoladh a chlarú le hOifig Chlárúchán Áitiúl na Saoránach (Einwohnermeldeamt).  Is féidir leat freisin cur isteach ar chead cónaithe (EU-Aufenthaltserlaubnis, do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh amháin) má tá tú fostaithe, ag staidéar, ag glacadh le híocaíochtaí pinsin nó má tá tú céile/ cleithiúnach Éireannach nach bhfuil ag obair ag Gearmánach nó Saoránach an Aontais Eorpaigh a bhfuil ag obair sa Ghearmáin. Is feidir leat iarratas a chur isteach i gcomhair cead cónaithe ag an údarás poiblí a bhfuil freagrach as naisiúnaigh choigríche (Ausländerbehörde).

Má tá tú ar thoir oibre, b’fhiú duit dul i dteangmháil leis an malartán fostaíochta (Agentur für Arbeit) agus gníomhaireachtaí fostaíochta príobháideach agus féachaint sna nuachtáin seachtainiúl. Tabhair do d’aire an tábhacht a bhaineann le bheith cáilithe agus an Ghearmáinis a bheith agat toisc an ráta ard dífhostaíochta sa Ghearmáin faoi láthair.

Ní chóir go mbeadh deacrachtaí agat lóistín a eagrú, seachas b’fhéidir sna cathracha Munich, Cologne agus Hamburg, áiteanna a bhfuil praghsanna níos airde de bharr an éilimh ard. De ghnáth áfach bíonn lóistín níos saoire ná mar atá sé in Éirinn faoi láthair. Go hiondúil ní bhíonn troscán curtha ar fáil sa lóistín. Bíonn fógraíochtaí i gcomhair lóistín foilsithe sna nuachtáin áitiúla ar Dé Sathairn nó ar suímh idirlíne gníomhaireachtaí eastáit.

Anschrift/Address/Seoladh:
Botschaft von Irland
Jägerstraße 51
10117 Berlin
Tel: +49 (0)30 220720
Fax: +49 (0)30 22072299
Opening Hours/Öffnungszeiten: 09:30-12:30 & 14:30 -16:30 Mon-Fri