An tAonad Réitigh Coinbhleachta
Sa bhliain 2007, cuireadh Aonad Réitigh Coinbhleachta ar bun sa Roinn Gnóthaí Eachtracha d'fhonn ceannródaíocht a dhéanamh san obair le barr feabhais a chur ar pháirt na hÉireann i mbeartaíocht réitigh coinbhleachta go hidirnáisiúnta. Is ó Chúnamh Éireann, clár cúnaimh forbartha coigríche Rialtas na hÉireann, arna chur i bhfeidhm ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha, a thagann ciste an Aonaid.
I bhfianaise thraidisiún na hÉireann maidir le feachtais coimeádta síochána na Náisiún Aontaithe, an dúthracht i ndáil le cúnamh forbartha coigríche, an taithí ar an bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann agus dúthracht na hÉireann i ndáil le cearta daonna agus riail an dlí idirnáisiúnta, is maith an cúnamh a fhéadaimid a thairiscint do thíortha eile atá i mbéal síochána agus seasmhachta. Tá an ARC bunaithe i Rannóg Gnóthaí Polaitiúla na Roinne agus oibrítear go dlúth leis an Rannóg Comhair Fhorbartha agus leis an Rannóg Angla-Éireannach.
Oibríonn an ARC le roinnt páirtnéirí buntábhachta, an tAontas Eorpach, na Náisiúin Aontaithe, Eagraíochtaí Neamh-Rialtais idirnáisiúnta, agus eagraíochtaí neamhrialtais in Éirinn ina measc. Tá an ARC dúthrachtach chomh maith faoi shaineolas acadúil na hÉireann ar réimse an réitigh coinbhleachta a thabhairt chun cinn.
Tá trí réimse buntábhachtach beartaiochta a thagann faoi scáth obair an ARC:
1. Coimeád Síochána
Tagann an bheartaíocht ar fad ó chuirtear tús le réiteach coinbhleachta go dtí próiseas an chomhaontaithe agus a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin i gceist le coimeád síochána. Bíonn Eadráin, Éascú agus Treisiú Taca leis an gComhaontú ar gnéithe den bheartaíocht. Baineann Eadráin agus Éascú go díreach leis an gcúnamh taca le próiseas réitigh coinbhleachta (idirbheartaíocht polaitíochta ag ardleibhéal agus próisis bunaithe sa phobal araon) trí eadránaithe agus/nó éascúchan (e.g. ionaid, seirbhísí cúl taca) a chur ar fáil. Leagtar amach an obair a bhainfeadh le Treisiú Taca le Comhaontú ionas go gcuimsítear an réimse beart a thiocfadh chun cinn i gcomhthéacs chúnamh taca a thabhairt le comhaontú síochána a chur i bhfeidhm. Glactar leis go forleathan go bhfuil géarthábhacht leis an gcuid sin de réimse na síochánaíochta, go háirithe i bhfianaise coinbhleachta an athuair taobh istigh de chúig bhliana i gcás níos mó ná 40% de na comhaontuithe. Tuilleadh
2. Cothú Síochána
Is léiriú an Cothú Síochána ar an athrú faoin smaointeoireacht i measc an phobail idirnáisiúnta ón gcoincheap maidir le coimeád síochána go dtí cur chuige níos uileghabhálaí. Tagann réimse beartaíochta faoina scáth a bhaineann le siocháin shuthain inbhuanaithe, ag díriú go háirithe ar an easnamh sa rialachas iarchoinbhleachta. Bíonn san áireamh leis sin, athchóiriú ar earnáil na slándála; smacht reachta a fhorasú; treisiú le dí-armáil, dí-shlógadh agus athimeascadh; an t-athmhuintearas a chothú; bainistíocht maidir leis an gcóras dlí agus cirt eadramhach; agus cur leis an acmhainn institiúideach. Tuilleadh
3. An Lón Taithí ón bPróiseas Síochána a Riar
Bhí saintréithe faoi leith agus comhthéacs áirithe ag baint le cás Thuaisceart Éireann, mar a bhíonn le gach coinbhleacht, ach bhí gnéithe eile chomh maith a bhaineann go coitianta le cuid mhór coinbhleachtaí agus, go sonrach, lena réiteach. Cuidíonn an ARC le cuid an chomhair a dhéanamh den lón comhairle a foghlaimíodh ón bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann chomh maith le soirbhiú do mhalartú an eolais a eascraíonn ó chásanna coinbhleachta eile agus ón gcomparáid eatarthu. Tuigtear don ARC gur próiseas anonn agus anall an malartú eolais agus go bhfuil cuid mhór eolais a dtiocfaimid féin air ó choinbhleachtaí eile. Tuilleadh
Tagann obair an ARC faoi anáil trí cinn de shaintéamaí leathana:
1. Cearta Daonna
Tá cearta daonna a chur chun cinn agus treisiú le feabhsú agus códú ar chearta daonna agus lena gcur i bhfeidhm ina gné buntábhachtach de bheartas eachtrach na hÉireann agus ina gné bunriachtanach de chothú na síochána agus na slándála go hidirnáisiúnta. Tá dúthracht maidir le cearta daonna sa tsíochánaíocht agus i gcothú na síochána mar bhunsraith faoin modh ina gcuirimid chuig an réiteach coinbhleachta. Tuilleadh
2. Cúrsaí Ban, Síocháin agus Slándáil
Leagtar béim i Rún Uimhir 1325 Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar an ionad faoi leith a bhíonn ag mná i gcásanna coinbhleachta agus i gcothú na síochána. Éilítear faoin Rún go gcuirfí le páirt na mban sna próisis síochánaíochta agus sa chothú síochána; go gcuirfí cosaint speisialta ar fáil do mhná agus do chailíní le linn coinbhleachta armtha; agus go ndéanfaí cuid shlán de phróisis choimeádta síochána agus cothaithe síochána de ghné na inscne. Tuilleadh
3. Athrú Aeráide agus Coinbhleachtaí
Tá an ceangal idir aeráid agus coinbhleacht ag teacht chun cinn mar ábhar smaointeoireachta agus d'fhéadfadh torthaí tromchúiseacha a theacht de dhroim an cheangail sin. Tharlódh ceangal idir athrú aeráide agus coinbhleachtaí trí cheisteanna éagsúla, mar shampla, teacht ar acmhainní uisce agus acmhainní nádúrtha a bhfuil athrú nó laghdú orthu, cinnteacht soláthair bia, tionacht talún agus imirce. Tá buntábhacht, maidir le bearta éifeachtacha ina leith a ullmhú agus a thabhairt chun cinn, leis an gceangal idir coinbhleacht agus athrú aeráide a thuiscint agus leis an bplé ar an ábhar sin a chur chun cinn. Tuilleadh

