Forógra Comhpháirteach 1993 (Forógra Sráid Downing)
Forógra Comhpháirteach an 15 Nollaig 1993 (Forógra Sráid Downing)
TEACHTAIREACHT ÓN RIALTAS
Is cairt don tsíocháin agus athmhuintearas in Éirinn é an Forógra
Comhchoiteann seo. Is smaoineamh fior-shimplí atá sa tsíocháin, ach
é bheith ina smaoineamh fíor-chumhachtach freisin, ar mithid dó san
am i láthair. Soláthraítear leis an bhForógra Comhchoiteann meán
uasal ó dhearcadh gach aon duine chun an chéad chéim i dtreo bhunú
na síochána buanfasaí i dteannta an cheartais in Éirinn. Is é an
smaoineamh lárnach atá laistiar den Fhorógra Comhchoiteann go
gcaithfear fadhbanna Thuaisceart Éireann, is cuma cé chomh doimhin
agus dofhuascailte iad, nó cé chomh deacair a bheidh sé iad a
réiteach le chéile, a réiteach trí mheán na polaitíochta agus an
daonlathais go heisiach. Is é an cuspóir atá leis na deighiltí i
measc mhuintir na hÉireann a chneasú. Is soiléir ón bhForógra féin
gur faoi mhuintir na hÉireann féin, idir Thuaidh agus Theas, teacht
ar chomhaontú gan aon bhac ó lasmuigh. Tá Rialtas na Breataine tar
éis dearbhú freisin go tabharfaidh siad spreagadh dá leithéid de
chomhaontú, agus go gcumasóidh siad é agus go n-éascóidh siad dó,
agus go dtacóidh siad le pé comhaontú a thiocfaidh aníos agus go
nglacfaidh siad pé céim is gá lena chur i bhfeidhm. Is ríléir ón
bhfoclaíocht san Fhorógra gur áititheoirí iad an dá Rialtas don
chomhaontú idir muintir na hÉireann. Caithfidh an dinimic do dhul
chun cinn amach anseo luí in úsáid iomlán an phróisis pholaitiúil
dhaonlathaigh, sna hathruithe faoina bhun i sochaí na hÉireann,
idir Thuaidh agus Theas, agus dár dtimpeallacht sheachtrach. Is í
an tsíocháin an chéad ní bunriachtanach do chaidreamh níos fearr ar
an oileán seo. Níl san Fhorógra Comhchoiteann ach an chéad chéim de
Phróiseas na Síochána. Deis níos fearr ní bheidh ann riamh. Ligfear
dúinn leis an tsíocháin atmaisféar nua na hiontaoibhe agus an
chomhoibrithe a fhorbairt, agus chun ré úr détente a bhunú, arb é
an t-aon bhealach ar aghaidh é.
FORÓGRA COMHPHÁIRTEACH
1. Aithníonn an Taoiseach, an tUas. Albert Reynolds, T.D.,
agus an Príomh-Aire, an Ró-Onórach John Major, MP, gurb í an
tsaincheist is práinní agus is tábhachtaí atá os comhair mhuintir
na hÉireann, idir Thuaidh agus Theas, agus Rialtais na Breataine
agus na hÉireann le chéile, ná cúiseanna an choinbhleachta a bhaint
de, oidhreacht na staire a shárú agus cneasú na scoilteanna a
d'eascair as, agus iad ag aithint gur chuir an easpa socraíochta
buaine agus sásúla idir chaidrimh phobail an dá oileán le chéile
leis an tragóid agus an fhulaingt leanúnach. Is í forbairt na
creatlaí comhaontaithe i leith na síochána, a pléadh idir eatarthu
ó thús na bliana anuraidh anuas, agus atá bunaithe ar roinnt
eochairphrionsabal a mhaígh an dá Rialtas le 20 bliain anuas, in
éineacht le prionsabail eile a nglactar leo go forleathan a chur in
oiriúint; creideann siad gurb í an méid sin a sholáthróidh an
pointe tosaigh do phróiseas síochána atá deartha le teacht ar
shocrú polaitiúil.
2. Tá an Taoiseach agus an Príomh-Aire dearfa den luach
domheasta do cheachtar dá bpobal, agus go háirithe don chéad ghlúin
eile, a bhainfeadh leis cneasú na scoilteanna in Éirinn agus
deireadh a chur le coinbhleacht a chuaigh go neamhbhalbh chun
donais gach dream. Aithníonn an bheirt acu nach dtiocfaidh deireadh
le scoilteanna ach amháin trí chomhaontú agus chomhoibriú an
phobail, idir Thuaidh agus Theas, ag feidhmiú don dá thraidisiún in
Éirinn. Tugann siad gealltanas sollúnta dá réir an comhoibriú a
chur chun cinn ag gach leibhéal ar bhunús na mbunphrionsabal, na
mbunghealltanas, na mbunoibleagáidí faoi chomhaontuithe
idirnáisiúnta, dár thug siad gealltanas i gcomhar a chéile, agus na
ráthaíochtaí atá tugtar ag an dá Rialtas agus a athdhearbhaíonn
siad anois, lena n-áirítear ráthaíocht bhunreachtúil Thuaisceart
Éireann. Is í an aidhm atá acu comhaontú agus athmhuintearas a
chothú, as a dtiocfaidh creatlach pholaitiúil nua fréamhaithe sa
chomhthoil agus a chuimsíonn socruithe laistigh de Thuaisceart
Éireann, don oileán go léir, agus idir na hoileáin seo.
3. Measann siad freisin go dteastóidh ó fhorbairt na hEorpa
féin cur chuige úr chun freastal ar leasanna comhchoiteanna an dá
chuid d'oileán na hÉireann, agus d'Éirinn agus don Ríocht Aontaithe
mar chomhpháirtithe san Aontas Eorpach.
4. Athdhearbhaíonn an Príomh-Aire, thar ceann Rialtas na
Breataine, go seasfaidh siad le mian daonlathach thromlach an
daonra i dTuaisceart Éireann i leith na ceiste arbh fhearr leo tacú
leis an Aontas nó le hÉirinn aontaithe ardcheannasach. Is ar an
mbunús sin a mhaíonn sé, thar ceann Rialtas na Breataine, nach
bhfuil aon leas leithleasach straitéiseach ná eacnamúil acu i
dTuaisceart Éireann. Is é an príomhleas atá acu féachaint leis an
tsíocháin, cobhsaíocht agus athmhuintearas a bhunú trí chomhaontú i
measc an daonra go léir a chuireann fúthu ar an oileán, agus
oibreoidh siad i dteannta le Rialtas na hÉireann chun comhaontú mar
sin a bhaint amach, inar nglacfar iomláine na gcaidreamh san
áireamh. Is é ról Rialtas na Breataine gnóthú a leithéid de
chomhaontú a spreagadh, a éascú agus a chumasú thar thréimhse
áirithe trí phróiseas comhchainte agus comhoibrithe bunaithe ar
urraim iomlán do chearta agus féiniúlachtaí an dá thraidisiún in
Éirinn. Glacann siad leis go bhféadfaidh comhaontú mar sin, de réir
mar is cóir, bheith i bhfoirm struchtúr comhaontaithe don oileán
trí chéile, lena n-áireofar Éire aontaithe a bhainfear amach ar
bhonn síochánta ar an mbunús seo a leanas. Aontaíonn Rialtas na
Breataine gur faoi mhuintir oileán na hÉireann amháin, trí
chomhaontú idir an dá chuid di faoi seach, a gceart i leith an
féinchinntiúcháin a chleachtadh ar bhunús na comhthola, arna
saorthabhairt agus arna tabhairt in éineacht, idir Thuaidh agus
Theas, chun Éire aontaithe a thabhairt ar an saol más mian leo.
Athdhearbhaíonn siad mar oibleagáid cheangailteach go dtabharfaidh
siad féin isteach an reachtaíocht is gá leis an méid sin a chur i
gcrích, nó cosúil leis sin aon bheart comhaontaithe a chur i gcrích
i leith na gcaidreamh amach anseo in Éirinn, rud a chinnteoidh
daonra na hÉireann féin go saor gan aon bhac seachtrach.
Creideann siad gur mhian le muintir na Breataine, mar chairdeas do
gach aon taobh, cur ar chumas mhuintir na hÉireann teacht ar
chomhaontú faoin gcaoi ina bhféadann siad bheith beo i
gcomhréiteach agus i gcomhpháirtíocht, le hurraim dá dtraidisiúin
éagsúla, agus le haitheantas iomlán do na naisc ar leith agus don
chaidreamh uathúil atá ann idir muintir na Breataine agus na
hÉireann.
5. Measann an Taoiseach, ar son Rialtas na hÉireann, go
dtaispeántar le ceachtanna stair na hÉireann, agus stair
Thuaisceart Éireann go sonrach, nach bhfaighfear an chobhsaíocht ná
an fholláine faoi aon chóras polaitiúil dá ndiúltaíonn mionlach
suntasach an daonra faoina riail dílseacht a thabhairt dó ar
fhorais na féiniúlachta. Is ar an gcúis sin a bheadh sé mícheart
iarracht a dhéanamh Éire aontaithe a fhorchur ar dhaonra, in
éagmais comhthola mhóramh an daonra i dTuaisceart Éireann arna
saorthabhairt. Glacann sé leis, thar ceann Rialtas na hÉireann, go
gcaithfear ceart daonlathach mhuintir na hÉireann trí chéile a
bhaint amach agus a chleachtadh le comhaontú agus comhthoil, agus
faoina réir siúd, ó mhóramh de dhaonra Thuaisceart Éireann, agus go
gcaithfear urraim a thabhairt, ag teacht leis an gceartas agus leis
an gcothromas, do dhínit dhaonlathach agus do chearta sibhialta
agus do shaoirse reiligiúnda an dá phobal, lena n-áirítear:
- an ceart do smaointeoireacht pholaitiúil shaor;
- an ceart do shaoirse agus léiriú ar chreideamh reiligiúnach;
- an ceart chun féachaint le hionchais daonlathacha náisiúnta agus polaitiúla a fháil;
- an ceart chun féachaint le hathrú bunreachtúil a fháil trí mheán síochánta agus dlisteach;
- an ceart chun cónaí pé áit is rogha le duine gan bhac
- an ceart do chomhdheiseanna i ngach aon ghníomhaíocht shóisialta agus eacnamúil, gan baint ag aicme, creideamh, gnéas ná dath bheith leis
6. Aithníonn an Taoiseach ámh na deacrachtaí agus constaicí fíora atá i gcoinne tógáil na gcaidreamh iontaoibhe, bíodh sé laistigh de Thuaisceart Éireann nó thairis, lena bhfulaingíonn an dá thraidisiún. Oibreoidh sé chun ré úr na hiontaoibhe a chruthú, ina mbaintear an t-amhras i leith cúiseanna nó gníomhartha dreamanna eile ar thaobh ceachtar den dá phobal. Measann sé go mbraithfidh todhchaí an oileáin ar chineál an chaidrimh idir an dá phríomhthraidisiún a chónaíonn air. Caithfear gach iarracht a dhéanamh braistint nua na hiontaoibhe a thógáil idir an dá phobal sin. Agus aitheantas á thabhairt d'fhaitíos an phobail Aontachtaigh agus mar chomhartha dá thoilteanacht rannchur pearsanta a thabhairt do thógáil na hiontaoibhe riachtanaí sin, is amhlaidh a scrúdóidh an Taoiseach lena chomhghleacaithe aon ghné i saol agus eagrú daonlathach de Stát na hÉireann ar féidir a léiriú do Rialtas na hÉireann i gcaitheamh comhphlé polaitiúil mar bhagairt réadúil agus suntasach dá stíl bheatha agus dá n-éiteas, nó ar féidir a léiriú nach comhsheasmhach go hiomlán é le sochaí nua-aimseartha dhaonlathach iolraíoch, agus geallann sé aon bhealach féideartha chun na bacainní sin a bhaint. D'fhéachfadh a leithéid de scrúdú go cuí leis an mian chun na luachanna oidhreachta sin a chaomhnú, agus iad comhroinnte den chuid is mó ar fud an oileáin nó ag teacht ó fhréamhacha cultúrtha agus stairiúla mhuintir na hÉireann ina n-éagsúlacht go léir. Tá an Taoiseach ag súil go bhforbrófar teacht le chéile idir croí agus meabhair in imeacht ama a thabharfaidh muintir na hÉireann le chéile, agus oibreoidh sé i dtreo an chuspóir sin, ach geallann sé san idirlinn mar thoradh ar na hiarrachtaí a dhéanfar chun iontaoibh fhrithpháirteach a thógáil nár cheart go mbeadh aon fhaitíos ag aon Aontachtach Tuaisceartach amach anseo go mbainfidh bagairt nó comhéigean leis an idéal sin.
7. Glacann an dá Rialtas nach mbainfí aontacht na hÉireann amach ach amháin acu siúd atá i bhfabhar an toraidh sin ag áiteamh orthu siúd nach bhfuil ina fhabhar, go síochánta agus gan comhéigean ná foréigean, agus más amhlaidh go n-éirítear leis an gcur ina luí ar mhóramh de mhuintir Thuaisceart Éireann amach anseo, is amhlaidh a thacóidh an dá Rialtas agus a chuirfidh a mian i gcrích ar bhonn reachtúil. D'ainneoin an dearbhaithe shollúnta ag an dá Rialtas sa Chomhaontú Angla-Éireannach nach dtiocfadh aon athrú i stádas Thuaisceart Éireann ach amháin le comhthoil de mhóramh mhuintir Thuaisceart Éireann, aithníonn an Taoiseach freisin na héiginnteachtaí agus drochamhras leanúnach atá in uachtar i ndearcadh an phobail Aontachtaigh Thuaisceartaigh i dtreo fhuílleach na hÉireann. Creideann sé go bhfuilimid ag céim dár stair nuair a chaithfear braistintí fíora gach traidisiún sa Tuaisceart a aithint. Impíonn sé ar an dá thraidisiún ag an iarraidh seo an deis a thapú i gcomhair túis úir agus tosú nua, a d'fhéadfadh bheith ina deis den scoth dár saol féin agus do na glúnta a bheidh le teacht. Iarrann sé ar mhuintir Thuaisceart Éireann féachaint ar mhuintir na Poblachta mar chairde, a chomhroinneann méala agus náire leo i leith na fulaingthe go léir a chonacthas le ceathrú céad bliain anuas, agus a theastaíonn uathu an caidreamh is fearr agus is féidir a fhorbairt leo, ar caidreamh é inar féidir le hiontaoibh agus tuiscint nua bláthú agus fás. Aithníonn an Taoiseach freisin go bhfuil gnéithe de Bhunreacht na hÉireann a nglacann Aontachtóirí an Tuaiscirt olc dearg leo, ach a léiríonn ag an am céanna ionchais agus idéil atá go dlúth i gcroí go leor Éireannach idir Thuaidh agus Theas. Agus sinn ag bogadh i dtreo ré nua na tuisceana inar féidir fás teacht ar chaidreamh nua na hiontaoibhe agus iad ag cothú na síochána ar oileán na hÉireann, creideann an Taoiseach gur mithid breithniú le chéile an chaoi is fearr ar féidir mianta agus féiniúlachtaí gach aon duine a léiriú ar bhealaí níos cothroime, nach cúis a thuilleadh iad le scoilt agus leis an easpa iontaoibhe dár thagair sé. Deimhníonn seisean go mbeartóidh Rialtas na hÉireann, sa chás go dtagann comhshocrú foriomlán ar an bhfód, mar chuid de chomhshocrú cothrom bunreachtúil, tograí a chur chun cinn agus um athrú i mBunreacht na hÉireann agus chun tacú leo a léireodh go hiomlán prionsabal na comhthola i dTuaisceart Éireann.
8. Aithníonn an Taoiseach an gá chun dul i mbun dialóige a thabharfadh aghaidh le hionracas agus macántacht ar ábhair fhaitíos gach aon traidisiún. Caithfear dul i mbun an chomhphlé sin, laistigh den Tuaisceart agus idir an pobal agus a n-ionadaithe ón dá chuid d'Éirinn, leis an aitheantas go mbraithfidh slándáil agus leas mhuintir an oileáin amach anseo ar chur chuige oscailte, ionraic agus cothrom i leith gach aon fhadhb atá tar éis bheith ina cúis easaontais ar feadh achair rófhada.
9. Féachfaidh Rialtais na Breataine agus na hÉireann, i dteannta le páirtithe polaitiúla bunreachtúla Thuaisceart Éireann trí phróiseas na comhchainte polaitiúla, chun forais agus struchtúir a chruthú a chuirfeadh ar a gcumas oibriú le chéile, agus urraim á tabhairt d'éagsúlacht mhuintir na hÉireann, i ngach aon limistéar comhleasa. Cuideoidh sé sin thar thréimhse éigin tógáil ar an muinín a theastaíonn chun deireadh a chur le scoilteanna an ama atá caite, ag druidim le todhchaí aontaithe agus shíochánta. D'áireofaí leis na struchtúir dar ndóigh aitheantas forasach do na naisc speisialta atá ann idir muintir na Breataine agus na hÉireann mar chuid d'iomláine na gcaidreamh, agus na naisc nuabhrionnaithe le fuílleach na hEorpa á dtabhairt san áireamh freisin.
10. Maíonn Rialtais na Breataine agus na hÉireann go gcaithfidh baint bheith ag deireadh buan le húsáid an fhoréigin pharaimílitigh agus leis an tacaíocht dó le gnóthú na síochána. Dearbhaíonn siad gur saor iad sna cúinsí seo na páirtithe le mandáid dhaonlathach ina mbunaítear tiomantas do mhodhanna síochánta eisiacha agus a léirigh go gcloíonn siad leis an bpróiseas daonlathach chun rannpháirt iomlán a ghlacadh sa pholaitíocht dhaonlathach agus chun bheith páirteach sa chomhphlé in am trátha idir na Rialtais agus na páirtithe polaitiúla faoin mbealach chun cinn.
11. Dhéanfadh Rialtas na hÉireann a gcuid socruithe féin laistigh dá ndlínse féin le cur ar chumas na bpáirtithe daonlathacha dul i gcomhairle a chéile agus páirt a ghlacadh sa chomhrá um thodhchaí na polaitíochta. Is é rún an Taoisigh go bhféadfaí bunú Fóraim don tSíocháin agus Athmhuintearas a áireamh leis na socruithe sin, i gcomhairle leis na páirtithe eile, a dhéanfadh moltaí ar bhealaí inar féidir comhaontú agus iontaoibh a chothú agus a bhunú idir an dá thraidisiún in Éirinn.
12. Tá an Taoiseach agus an Príomh-Aire tiomanta chun tógáil ar ghuí a ndaonra araon timpeallacht na síochána a fheiceáil in ionad na seanfhaitíos agus na sean-naimhdeas. Creideann siad go dtairgtear leis an gcreatlach atá leagtha amach acu an bunús do mhuintir na hÉireann, idir Thuaidh agus Theas, cibé traidisiún dar díobh, chun aontú amach anseo gur féidir caibidlíocht a dhéanamh ar a gcuid easaontas agus gur féidir iad a réiteach ar bhealaí síochánta polaitiúla amháin. Impíonn siad ar gach aon duine lena mbaineann an deis a thapú i gcomhair imeachta nua. Ní chuirfeadh an chéim úd isteach ar aon seasamh ná prionsabal, ná ní dhéanfadh dochar do thodhchaí cheachtar den dá phobal. A mhalairt atá fíor, is é sin gur tairbhe gan mhacasamhail a bheadh ann do chách. Bhrisfí timthriall an fhoréigin léi agus na fulangtha dofhulaingthe a bhaineann leis sin do mhuintir na n-oileán seo, go háirithe don dá phobal i dTuaisceart Éireann. Ligfeadh sí do ghnóthú lánchumais an phróisis chomhoibrithe eacnamúil agus sóisialta i gcomhair an rathúnais agus na comhthuisceana. Chuirfeadh sí claochlú leis na hionchais chun tógáil leis an dul chun cinn atá déanta cheana féin i bpróiseas na gComhchainteanna, lena mbaineann an dá Rialtas agus na páirtithe bunreachtúla i dTuaisceart Éireann. Creideann an Taoiseach agus an Príomh-Aire go dtairgtear deis leis na socruithe sin an bhunchloch a leagan do thodhchaí níos síochánta agus níos síthí, gan aon fhoréigean agus scoilteanna nimhneacha a chuir smál ar an nglúin seo. Geallann siad iad féin agus a gcuid Rialtas chun leanúint ar aghaidh ag obair le chéile, gan staonadh, i dtreo an chuspóra sin.

