Tuarascáil an Chomhlachta Idirnáisiúnta - an Seanadóir George J. Mitchell (Cathaoirleach), an Ginearál John de Chastelain - an tUasal Harri Holkeri (22 Eanáir 1996)
- Réamhrá
- Plé
- Moltaí
- Tiomantas do Dhíchoimisiúnú
- Díchoimisiúnú le linn caibidlíocht ilpháirtí
- Treoirlínte faoi nósanna imeachta um dhíchoimisiúnú
- Muinín bhreise a thógáil
- Focail Scoir
1. Ar an 28 Samhain 1995, d'eisigh Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann Ráiteas a d'fhógair lainseáil "próiseas 'dériain' chun dul chun cinn comhuaineach a dhéanamh ar shaincheist an díchoimisiúnaithe agus ar chaibidlíocht ilpháirtí."
2. Is éard a bhí i gceist le rian amháin ná "cuireadh a thabhairt do na páirtithe páirt a ghlacadh i gcainteanna diana ullmhúcháin a raibh de shainchúram orthu teacht ar chomhaontú leathan maidir le bonn, rannpháirtíocht, struchtúr, formáid agus clár oibre chun na páirtithe uile a thabhairt le chéile le haghaidh caibidlíocht shubstaintiúil chun teacht ar shocrú polaitiúil bunaithe ar thoiliú". Tugtar an rian polaitiúil air sin anois.
3. Bhain an rian eile le díchoimisiúnú arm, agus leagadh amach mar seo a leanas é sa Ráiteas:
" 5. Go comhuaineach, d'aontaigh an dá Rialtas Comhlacht Idirnáisiúnta a bhunú chun measúnacht neamhspleách a thabhairt ar cheist an díchoimisiúnaithe.
6. Ag tabhairt aitheantais don mhian a chuirtear in iúl go forleathan maidir leis na hairm uile a bhaint de pholaitíocht na hÉireann, iarrfaidh an dá Rialtas ar an gComhlacht Idirnáisiúnta tuairisc a thabhairt ar na socruithe atá riachtanach chun na hairm, nach bhfuil in úsáid anois mar gheall ar na cinntí dearfacha déanta an samhradh agus an fómhar seo caite ag na heagraíochtaí a bhí i bhfabhar úsáid na n-arm chun críocha polaitiúla roimhe seo, a bhaint de dhomhan na polaitíochta.
7. Go háirithe, iarrfaidh an dá Rialtas ar an gComhlacht an méid seo a leanas a dhéanamh:
- modh oiriúnach agus inghlactha a aimsiú do dhíchoimisiúnú iomlán infhíoraithe agus comhairle a thabhairt faoi; agus
- a thuairisciú an léiríonn na daoine a bhfuil airm dá leithéid ina seilbh acu tiomantas soiléir d'obair chuiditheach a dhéanamh chun an díchoimisiúnú sin a bhaint amach.
8. Socróidh an Comhlacht Idirnáisiúnta a nósanna imeachta féin. Síleann an dá Rialtas go ndéanfaidh sé comhairliúchán leathan, go dtabharfaidh sé cuireadh do pháirtithe ábhartha a n-anailís ar chúrsaí a bhaineann le saincheist an díchoimisiúnaithe a sholáthar, agus go mbreathnóidh sé fianaise dá leithéid ar bhonn a fiúntais féin nuair a chinnfidh siad ar chomhairle laistigh dá shainchúram."
4. Is muidne an Comhlacht sin. Is í seo ár dtuarascáil. Níl aon leas againn i dTuaisceart Éireann seachas an leas maidir le deireadh a chur leis an gcoinbhleacht agus cur ar chumas muintir Thuaisceart Éireann maireachtáil go síochánta. An ról atá againn ná dearcadh neamhspleách a thabhairt faoin tsaincheist. Nílimid spreagtha ach ag ár mian cabhair a thabhairt. Is ionann an mheasúnacht seo agus ár mbreithiúnas neamhspleách is fearr. Táimid d'aontoil inár gcuid dtuairimí. Níl aon éagsúlacht tuairime inár measc.
5. Chun faisnéis leordhóthanach a thabhairt dúinn chun cur ar ár gcumas ár sainchúram a chomhlíonadh, bhí dhá shraith cruinnithe againn i mBéal Feirste, Baile Átha Cliath agus Londain: an chéad cheann ón 15 go 18 Nollaig 1995; an dara ceann, ón 11 go 22 Eanáir 1996. Ina theannta sin, bhí cruinniú eagraíochtúil againn i Nua Eabhrac an 9 Nollaig 1995.
6. Le linn na gcruinnithe sin, fuaireamar eolas ó bhéal agus i scríbhinn ó na dosaenacha d'oifigigh rialtais, ceannairí polaitiúla, oifigigh eaglaise agus ionadaithe eagraíochtaí agus institiúidí eile. Fuaireamar na céadta litreacha agus glaonna gutháin ó bhaill an phobail agus bhuaileamar le cuid mhaith eile. Gabhaimid buíochas le gach aon duine as a gcuid aighneachtaí. Bhí na haighneachtaí a fuaireamar ó dhaoine a chaill daoine le linn na dtrioblóidí ach atá tiomanta go tréan don phróiseas síochána an-chorraitheach ar fad. Rinneadh na haighneachtaí uile a athbhreithniú agus a bhreathnú go cúramach.
7. I ndiaidh dúinn scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna agus na fíricí, agus ar na dearcaí tugtha dúinn ag na daoine a thug faisnéis dúinn agus a sheol aighneachtaí chugainn, is dóigh linn nach bhfuil aon réiteach simplí ar an gcoinbhleacht i dTuaisceart Éireann ach go bhfuil na fachtóirí ar gá próiseas síochána a bhunú orthu ar eolas cheana féin. Is féidir linn comhairle a thabhairt faoi conas a chreidimid gur chóir aghaidh a thabhairt ar na fachtóirí sin chun go mbeidh díchoimisiúnú arm agus caibidlíocht ilpháirtí in ann leanúint ar aghaidh, ach ní féidir dul chun cinn a dhéanamh ach trí ghníomh diongbháilte na bpáirtithe féin.
8. In ainneoin sin, áfach, tuigimid an méid ollmhór atá déanta ag daoine indibhidiúla agus grúpaí chun próiseas síochána Thuaisceart Éireann a thabhairt chuig an gcéim ag a bhfuil sé faoi láthair. Bhí iarrachtaí dothuirsithe, misniúla an Phríomh-Aire John Major agus an Taoiseach John Bruton (agus Albert Reynolds roimhe sin) riachtanach don phróiseas síochána. Rannchuidigh ceannairí polaitiúla, institiúidí, eagraíochtaí agus daoine indibhidiúla eile leo chun síocháin a chur chun cinn.
9. Rinneamar ár dtásc a bhreathnú i bhfianaise ár bhfreagrachta do mhuintir uile Thuaisceart Éireann; an gá athdheimhniú do dhaoine gur féidir a gcuid ionchais dhaonlathacha agus mhorálta a bhaint amach; agus, i spiorad na n-iarrachtaí dáiríre déanta ag Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann, an próiseas síochána a chur chun cinn.
10. Ar feadh beagnach bliain go leith, tá na gunnaí i dTuaisceart Éireann ina dtost. Teastaíonn ó na daoine go leanfaidh an tost sin ar aghaidh. Tá síocháin bhuan i sochaí chóir nach bhfuil aon bhaint ag foréigean paraimíleata léi ag teastáil uathu. Ba é sin an téama is láidre a cuireadh in iúl sna litreacha agus sna glaonna a fuaireamar ó dhaoine sa Tuaisceart agus sa Deisceart, ó Aontachtaithe agus Náisiúnaithe, ó Chaitlicigh agus Protastúnaigh, ó Dhílseoirí agus Poblachtaigh.
11. In ainneoin na maruithe agus leadarthaí uafásacha "pionóis", níor chóir comhlíonadh leanúnach na sosanna comhraic a dhíluacháil. Is fachtóir suntasach é ar gá ualú cuí a thabhairt dó agus measúnacht á déanamh ar thiomantas na bparaimíleatach do "obair chuiditheach a dhéanamh" chun díchoimisiúnú iomlán infhíoraithe a bhaint amach.
12. Ó cuireadh tús leis na sosanna comhraic, tá an díospóireacht pholaitiúil dírithe den chuid is mó ar na difríochtaí a chuireann cosc ar thosú na caibidlíochta ilpháirtí a bheidh mar aidhm aici teacht ar shocrú polaitiúil comhaontaithe. Mar gheall air sin, ní thugtar aird ar an gcomhaontú leathan atá ann cheana féin -- comhaontú atá chomh forleathan go nglactar leis gan smaoineamh air. I ndáiríre, seans go bhfuil baill den dá thraidisiúin i bhfad níos gaire dá chéile i ndáil le réiteach a gcuid difríochtaí ná mar a chreideann siad féin.
13. Ba chóir do gach duine a thuiscint go bhfuil an comhthoil maidir le síocháin an-luachmhar, agus go bhfuil sé thar a bheith luachmhar freisin nach bhfuil aon ghrúpa suntasach ag iarraidh go gníomhach deireadh a chur leis an tsíocháin sin.
14. I mír a cúig den Ráiteas, iarradh orainn "measúnacht neamhspleách a thabhairt ar cheist an díchoimisiúnaithe". Is saincheist thromchúiseach í. Is comhartha é freisin d'fhadhb níos mó: easpa muiníne. In an-chuid dár gcruinnithe, chualamar na cúiseanna, de bhunús stairiúil, nach féidir an taobh eile a thrust. Mar gheall air sin, is minic a bhíonn dearcadh amhrasach agus naimhdeach ann faoi ghníomhartha gur dea-rún atá taobh thiar díobh.
15. Mar sin féin, ní thiocfar ar réiteach ar cheist an díchoimisiúnaithe -- ná ar aon cheist eile -- má bhaineann na páirtithe úsáid as a liostaí fada de chomhchoiriú stairiúil. Nó, mar a luadh dúinn roinnt uaireanta, is éard atá riachtanach i dTuaisceart Éireann i ndáiríre ná díchoimisiúnú na meonta.
16. D'iarramar orainn féin conas a fhéadfaidh na daoine a d'fhulaing le linn na mblianta fada de choinbhleacht inmheánach glacadh leis go gciallóidh síocháin bhuan go mbeidh gá le hathmhuintearas leis na daoine atá freagrach, dar leo, as a gcailliúint agus as a bpian. Níor chóir dearmad a dhéanamh ar fhulaingt leanúnach agus méala daoine agus teaghlach riamh. Mar sin féin, má leantar ar aghaidh ag díriú ar an am atá thart, beidh an todhchaí mar an gcéanna leis, agus cinnte, níl sé sin ag teastáil ó aon duine.
17. Aontaíonn gach duine ar labhraíomar leo i bprionsabal go bhfuil gá le díchoimisiúnú. Tá difríochtaí ann maidir le tráthú agus comhthéacs -- cinnte, bunaíodh an Comhlacht seo mar thoradh ar na difríochtaí sin -- ach níor chóir dóibh an tacaíocht beagnach uilechoiteann atá ann do dhí-armáil iomlán infhíoraithe na n-eagraíochtaí paraimíleata uile a dhoiléiriú. Ní mór dó sin a bheith mar chuspóir príomhúil go leanúnach.
18. Is cuma conas a réiteofar ceist an díchoimisiúnaithe, ní chuirfidh sé sin tús le caibidlíocht ilpháirtí leis féin. Tá go leor oibre fós le déanamh ar na saincheisteanna uile i gceist leis an rian polaitiúil. Ba chóir do na páirtithe aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin mar bheart práinne.
III. MOLTAÍ:
PRIONSABAIL AN DAONLATHAIS AGUS NA SÍOCHÁNA
19. Chun teacht ar shocrú polaitiúil comhaontaithe agus chun an gunna a bhaint de pholaitíocht na hÉireann, ní mór a bheith tiomanta do phrionsabail bhunúsacha an daonlathais agus na síochána agus cloí leis na prionsabail sin. Ba chóir do na páirtithe sa chaibidlíocht ilpháirtí a dtiomantas do phrionsabail dá leithéid a dhearbhú.
20. Mar sin, molaimid do pháirtithe i gcaibidlíocht dá leithéid a dtiomantas iomlán, absalóideach do na nithe seo a leanas a dhearbhú:
a. Modh daonlathach agus go heisiach síochánta a úsáid chun saincheisteanna polaitiúla a réiteach;
b. Na heagraíochtaí paraimíleata uile a dhí-armáil go hiomlán;
c. Comhaontú go gcaithfidh dí-armáil den leithéid sin a bheith infhíoraithe ar bhealach atá sásúil do choimisiún neamhspleách;
d. Diúltú d'fhorneart agus cur i gcoinne iarrachtaí aon duine eile forneart a úsáid, nó bagairt a dhéanamh forneart a úsáid, chun dul i gcion ar threo nó ar thoradh na caibidlíochta ilpháirtí;
e. Comhaontú cloí le téarmaí aon chomhaontaithe a bhainfear amach le linn caibidlíocht ilpháirtí agus comhaontú gan ach modhanna daonlathacha agus go heisiach síochánta a úsáid agus iarracht á déanamh aon ghné den toradh nach n-aontóidh siad léi a athrú; agus
f. Moladh a thabhairt stop a chur le maruithe agus leadarthaí "pionóis" agus céimeanna éifeachtúla a chur i bhfeidhm chun cosc a chur ar ghníomhartha den chineál sin.
21. In éineacht leis na Rialtais, le ceannairí creidimh agus leis a lán daoine eile, cáinimid maruithe agus leadarthaí "pionóis". Méadaíonn siad ar eagla daoine go mbainfidh an lucht a d'úsáid foréigean ina n-iarrachtaí cuspóirí polaitiúla a bhaint amach roimhe seo úsáid as foréigean arís sa todhchaí. Níl aon áit do ghníomhartha den leithéid sin i sochaí dhleathach.
22. Tá an lucht a éilíonn díchoimisiúnú roimh chaibidlíocht ilpháirtí ag éileamh díchoimisiúnaithe toisc go bhfuil siad buartha go n-úsáidfidh na paraimíleataigh forneart, nó go mbagróidh siad go n-úsáidfidh siad forneart, chun dul i gcion ar an gcaibidlíocht nó chun aon ghné de thoradh na caibidlíochta nach n-aontóidh siad léi a athrú. I bhfianaise stair Thuaisceart Éireann, ní cúis imní míréasúnta í sin. Tugann na prionsabail a mholaimid aghaidh dhíreach ar na cúiseanna imní sin.
23. Dá dtabharfaí na tiomantais seo, agus dá gcloífí leo, chuirfí deireadh leis an mbagairt d'fhorneart roimh, le linn, agus i ndiaidh caibidlíocht ilpháirtí. Bheadh gach aon duine in ann díriú ar an méid atá riachtanach má táthar chun an gunna a bhaint de pholaitíocht na hÉireann: socrú polaitiúil comhaontaithe agus dí-armáil iomlán, infhíoraithe na n-eagraíochtaí paraimíleata uile. Ba chóir dó sin cur leis an gcreideamh go mbeidh próiseas na síochána ina phróiseas iomlán daonlathach, in áit a bheith mar phróiseas a bheidh faoi thionchar bhagairt an fhoréigin.
IV. TIOMANTAS DO DHÍCHOIMISIÚNÚ
24. I mír a seacht den Ráiteas, iarrann an dara ceist shonrach orainn "a thuairisciú an léiríonn na daoine a bhfuil airm dá leithéid ina seilbh acu tiomantas soiléir d'obair chuiditheach a dhéanamh chun" díchoimisiúnú iomlán, infhíoraithe a bhaint amach.
25. Is í ár dtuairim ná go léiríonn na daoine a bhfuil airm dá leithéid ina seilbh acu tiomantas soiléir d'obair chuiditheach a dhéanamh chun díchoimisiúnú iomlán, infhíoraithe a bhaint amach mar chuid de phróiseas na caibidlíochta ilpháirtí; ach ní chuimsíonn an tiomantas sin díchoimisiúnú roimh an gcaibidlíocht sin.
26. I ndiaidh dúinn an cás a bhreathnú go cúramach, ar bhonn cainteanna diana leis na Rialtais, na páirtithe polaitiúla, ceannairí creidimh, na fórsaí slándála, agus a lán daoine eile, táimid den tuairim nach ndéanfaidh na heagraíochtaí paraimíleata aon airm a dhíchoimisiúnú roimh an gcaibidlíocht ilpháirtí. Ba é sin an dearcadh aontoilíoch a bhí curtha in iúl go tréan ag ionadaithe na bpáirtithe polaitiúla is gaire do na heagraíochtaí paraimíleata ar an dá thaobh. Ba é sin dearcadh thromlach mór na n-eagraíochtaí agus na ndaoine a rinne aighneachtaí ó bhéal agus i scríbhinn freisin. Ní hé go bhfuil siad uile i gcoinne an díchoimisiúnaithe roimh ré. I ndáiríre, tá a lán acu i bhfabhar díchoimisiúnaithe ag an tráth seo. Ní chreideann siad go dtarlóidh sé, áfach. Sin an réaltacht a gcaithfidh gach aon duine déileáil léi.
27. Cuireadh dearcaí iomaíocha in iúl maidir le díchoimisiúnú roimh ré. Dearcadh amháin ná go gcaithfear na hairm a dhíchoimisiúnú roimh chaibidlíocht ilpháirtí. Dúradh linn gur an bealach is soiléire le léiriú go bhfuiltear ag cloí le prionsabail dhaonlathacha agus go bhfuil deireadh buan curtha le húsáid an fhoréigin ná airm pharaimíleata a bhaint agus a dhiúscairt go sábháilte, agus dúradh linn freisin nach gcuirfeadh aon rud ag an tráth seo ach tús an díchoimisiúnaithe an mhuinín ar fáil is gá chun tús a chur le caibidlíocht ilpháirtí. De réir an dearcaidh seo, thuig na páirtithe uile go mbeadh gá le díchoimisiúnú sular fógraíodh na sosanna comhraic agus anois níor chóir go mbeadh siad in ann an ceanglas sin a sheachaint.
28. De réir an dearcaidh eile, dúradh linn nár iarradh díchoimisiúnú arm roimh chaibidlíocht ilpháirtí sular fógraíodh na sosanna comhraic, agus, dá mbeadh an t-éileamh sin curtha in iúl, nach mbeadh aon sosanna comhraic i bhfeidhm; gur ghlac daoine le sosanna comhraic toisc gur chreid siad go mbeadh caibidlíocht ilpháirtí mar thoradh láithreach ar na sosanna comhraic sin; agus nach bhfuil san éileamh ar dhíchoimisiúnú roimh ré, atá á chur in iúl i ndáiríre den chéad uair na míonna i ndiaidh fhógairt na sosanna comhraic, ach leithscéal chun caibidlíocht dá leithéid a mhoilliú nó a chosc. De réir an dearcaidh seo, ba chóir tús láithreach a chur leis an gcaibidlíocht ilpháirtí, gan aon cheanglais bhreise, toisc go bhfuil na sosanna comhraic i bhfeidhm go leanúnach ar feadh beagnach bliain go leith.
29. Creidimid go léiríonn gach taobh den argóint seo cúis imní lárnach réasúnta ar chóir don taobh eile tuiscint a fháil uirthi agus aghaidh a thabhairt uirthi.
30. Ní mór a athdheimhniú don lucht a éilíonn díchoimisiúnú roimh ré go dtugann na daoine a thug tacaíocht d'fhoréigean ar chúiseanna polaitiúla roimhe seo, tiomantas fíor agus do-aisiompaithe do mhodhanna síochánta daonlathacha anois, agus nach mbagrófar foréigean den chineál sin agus nach n-úsáidfear foréigean den chineál sin chun dul i gcion ar phróiseas na caibidlíochta nó chun aon socrú comhaontaithe a athrú.
31. Ní mór a athdheimhniú don lucht a d'aontaigh foréigean a thabhairt suas agus an bealach polaitiúil síochánta a leanúint go bhfuil próiseas caibidlíochta bríoch cuimsitheach á thairiscint go fíréanta a thabharfaidh aghaidh ar chúiseanna imní dlisteanacha a dtraidisiún agus ar an ngá socruithe polaitiúla nua a chur i bhfeidhm is féidir le gach aon duine ionannú leo.
32. Is léir go gcaithfear féachaint ar chur chuige nua chun an fál go haer seo a shárú. Is é sin cuspóir na sé phrionsabal a mholaimid. Léiríonn siad tiomantas cuimsitheach do dhaonlathas agus do shíocháin le haidhm cúiseanna imní na bpáirtithe uile sa chaibidlíocht a mhaolú.
V. DICHOIMISIÚNÚ LE LINN CAIBIDLÍOCHT ILPHÁIRTÍ
33. Cuireann taobh amháin faoi deara go gcaithfear roinnt arm a dhíchoimisiúnú sular féidir tús a chur le caibidlíocht ilpháirtí. Cuireann an taobh eile faoi deara nach féidir aon díchoimisiúnú a dhéanamh go dtí deireadh an phróisis, i ndiaidh dóibh teacht ar shocrú comhaontaithe. Tá sé seo ina chúis leis an bhfál go haer reatha.
34. Ba chóir do na páirtithe cur chuige a bhreathnú ina ndéanfar roinnt díchoimisiúnaithe le linn phróiseas na caibidlíochta ilpháirtí in áit roimh nó i ndiaidh an phróisis sin, mar a mholann na páirtithe faoi láthair. Is comhréiteach é an cur chuige seo. Má táthar chun an próiseas síochána a chur chun cinn, ní mór an fál go haer reatha a shárú. Cé go raibh an dá thaobh doghluaiste maidir lena gcuid seasamh go dtí seo, chuir siad araon in iúl go minic gur theastaigh uathu dul chun cinn a dhéanamh. Tugann an cur chuige seo an deis sin dóibh.
35. Ina theannta sin, tugann sé deis do na páirtithe an próiseas díchoimisiúnaithe a úsáid chun muinín a thógáil de réir a chéile le linn na caibidlíochta. De réir mar a dhéantar dul chun cinn ar shaincheisteanna polaitiúla, d'fhéadfadh díchoimisiúnú frithpháirteach ar scála beag, fiú, a bheith mar chabhair chun an t-atmaisféar a chruthú a bhfuil gá leis chun dul chun cinn breise a dhéanamh i bpatrún forásach de mhuinín mhéadaitheach.
VI.
MOLTAÍ:
TREOIRLÍNTE FAOI NÓSANNA IMEACHTA UM DHÍCHOIMISIÚNÚ
36. Iarrann an chéad cheann de na ceisteanna sonracha i mír seacht den Ráiteas orainn "modh oiriúnach agus inghlactha a aimsiú do dhíchoimisiúnú iomlán infhíoraithe agus comhairle a thabhairt faoi".
37. Molaimid na treoirlínte seo a leanas do na nósanna imeachta um dhíchoimisiúnú. Tá na moltaí seo réadúil i bhfianaise nádúr agus scála na n-arm i gceist, a bhfuil meastacháin fúthu curtha ar fáil dúinn ag na Rialtais agus ag a bhfórsaí slándála. Creidimid go bhfuil na meastacháin seo cruinn.
38. Ba chóir go dtabharfaí tosaíocht ard do dhíchoimisiúnú sa chaibidlíocht ilpháirtí. Ní mór do na páirtithe féin sonraí an díchoimisiúnaithe a shocrú, lena n-áirítear tacaíocht a thabhairt do bhearta chun muinín a thógáil, tráthú agus ord an díchoimisiúnaithe.
Níor chóir don phróiseas díchoimisiúnaithe buachan ná briseadh a chur in iúl.
39. Níl na sosanna comhraic agus próiseas na síochána mar thorthaí an ghéillte; léiríonn siad toilteanas aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí trí mhodhanna polaitiúla. Ba chóir go mbeadh an fíric riachtanach seo léirithe go soiléir i nósanna imeachta an phróisis díchoimisiúnaithe, agus níor chóir don phróiseas seo ceangal ar aon pháirtí a chur in iúl go bhfuil siad ag géilleadh.
Ba chóir an próiseas díchoimisiúnaithe a dhéanamh ar bhealach atá sásúil do choimisiún neamhspleách.
40. Ba chóir an próiseas díchoimisiúnaithe a dhéanamh ar bhealach atá sásúil do choimisiún neamhspleách atá inghlactha ag na páirtithe uile. Ceapfaidh Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann an coimisiún ar bhonn comhairliúchán leis na páirtithe eile sa phróiseas caibidlíochta.
41. Ba chóir go mbeadh an Coimisiún in ann feidhmiú go neamhspleách sa dá dhlínse, agus ba chóir go mbeadh stádas dlíthiúil agus díolúine chuí acu.
42. Ba chóir go mbeadh foinsí neamhspleácha de chomhairle dhlíthiúil agus theicniúil ag an gCoimisiún, le cois acmhainní leordhóthanacha allamuigh chun airm a fháil agus a iniúchadh agus chun an próiseas díchoimisiúnaithe a bhreathnú agus a fhíorú; ina theannta sin, ba chóir go mbeadh sé in ann acmhainní agus saineolas teicniúil ábhartha Arm na Breataine agus Arm na hÉireann a éileamh, de réir mar is cuí.
Ba chóir go mbeadh scriosadh iomlán na n-arm ar bhealach a chuirfidh le sábháilteacht an phobail mar thoradh ar an bpróiseas díchoimisiúnaithe.
43. Ba chóir go mbeadh scriosadh iomlán na n-arm mar thoradh ar an bpróiseas díchoimisiúnaithe. Chuimseodh nósanna imeachta scriosta gearradh suas nó scealpadh arm beag agus arm eile, pléascadh rialaithe armlóin agus pléascán, agus gnáthbhealaí eile de dhiúscairt lón cogaidh.
44. D'fhéadfadh modhanna éagsúla a bheith i gceist leis an bpróiseas díchoimisiúnaithe, ag braith ar an gcaibidlíocht, lena n-áirítear:
- airm a aistriú chuig an gcoimisiún nó chuig ionadaithe ainmnithe Rialtas amháin nó an Rialtais eile, le hiad a scriosadh níos déanaí;
- faisnéis a sholáthar don choimisiún nó d'ionadaithe ainmnithe Rialtas amháin nó an Rialtais eile, chun teacht ar airm le hiad a scriosadh níos déanaí; agus,
- airm a chur i dtaisce le bheith bailithe agus scriosta níos déanaí, ag an gcoimisiún nó ag ionadaithe Rialtas amháin nó an Rialtais eile.
Ba chóir go mbeadh an rogha ag páirtithe a gcuid arm a scriosadh iad féin freisin.
45. Ba chóir a chinntiú ar feadh an phróisis go ndéantar airm a láimhseáil agus a stóráil go sábháilte agus nach ndéantar iad a mhídhílsiú.
Ba chóir go mbeadh an próiseas díchoimisiúnaithe go hiomlán infhíoraithe.
46. Cibé rogha a roghnófar chun na hairm a scriosadh, lena n-áirítear scriosadh na n-arm ag na páirtithe féin, caithfidh a scriosadh a bheith infhíoraithe ar bhealach a bhfuil an coimisiún sásta leis.
47. Thaifeadfadh an coimisiún faisnéis a bheadh riachtanach chun monatóireacht éifeachtúil a dhéanamh ar an bpróiseas. Ba chóir go mbeadh sonraí ábhartha an Gharda Síochána agus Chonstáblacht Ríoga Uladh ar fáil don choimisiún. Thabharfadh sé tuairiscí tréimhsiúla do pháirtithe ábhartha faoin dul chun cinn déanta sa phróiseas díchoimisiúnaithe.
Níor chóir go mbeadh an próiseas díchoimisiúnaithe ina chúis le nochtadh daoine ar ionchúiseamh.
48. Níor chóir daoine a bhfuil baint acu leis an bpróiseas díchoimisiúnaithe a ionchúiseamh as seilbh na n-arm sin; ba chóir maithiúnais a bhunú sa dlí sa dá dhlínse. Ba chóir go mbeadh na hairm curtha ar fáil do dhíchoimisiúnú, go díreach nó hindíreach, díolmhaithe faoin dlí ó scrúdú fóiréinseach, agus níor chóir go mbeadh aon fhaisnéis a gheofaí de thoradh an phróisis díchoimisiúnaithe inghlactha mar fhianaise i gcúirteanna dlí in aon cheann den dá dlínse.
49. Ba chóir go mbeadh grúpaí le hairm mhídhleathacha saor chun a rannpháirtíocht sa phróiseas díchoimisiúnaithe a eagrú mar is cuí dóibh, e.g. féadfaidh grúpaí daoine áirithe a ainmniú chun airm a chur i dtaisce thar a gcinn.
Ba chóir go mbeadh an próiseas díchoimisiúnaithe frithpháirteach.
50. Tharlódh díchoimisiúnú ar bhonn tiomantas agus rannpháirtíocht frithpháirteach na n-eagraíochtaí paraimíleata. Tugann sé sin deis eile do na páirtithe an próiseas díchoimisiúnaithe a úsáid chun muinín a thógáil de réir a chéile le linn na caibidlíochta.
51. Tá sé tábhachtach do na rannpháirtithe uile bearta a chur i gcrích chun muinín a thógáil le linn an phróisis síochána. Le linn ár gcainteanna, mhol a lán daoine gníomhartha eile, seachas an díchoimisiúnú, a dhéanamh chun muinín a thógáil. Ní dhéanaimid aon mholtaí faoi na bearta sin toisc nach bhfuil siad faoinár sainchúram, ach creidimid gur cuí tuairimí a thabhairt faoi roinnt acu toisc nach féidir próiseas síochána rathúil a bhaint amach trí dhíchoimisiúnú arm amháin.
52. Tá tacaíocht d'úsáid an fhoréigin neamhfhreagrach do rannpháirtíocht sa phróiseas daonlathach. Léireodh foirceannadh luath gníomhaíochtaí paraimíleata, lena n-áirítear faireachas agus roghnú spriocanna, a dtiomantas do mhodhanna síochánta, agus mar sin thógfadh sé muinín i measc páirtithe eile agus mhaolódh sé cúiseanna eagla agus imní an phobail i gcoitinne. Léireodh soláthar faisnéise faoi stádas na ndaoine ar iarraidh, agus filleadh na ndaoine a raibh orthu a bpobail a fhágáil faoi bhagairt an tiomantas sin freisin.
53. Chabhródh gníomh leanúnach na Rialtas ar shaincheist na bpríosúnach le treisiú na muiníne. Bheidh muinín treisithe freisin ag cur i bhfeidhm luath an athbhreithnithe mholta ar reachtaíocht éigeandála, rud a rachadh leis an staid slándála atá ag teacht chun cinn.
54. Léiríodh dearcaí éagsúla faoi na hairm ar chóir iad a dhíchoimisiúnú. Sa Ráiteas, chuir na Rialtais in iúl go soiléir nach mbaineann ár sainchúram, dar leo, ach leis na hairm i seilbh eagraíochtaí paraimíleata. Glacaimid leis an dearcadh sin agus aontaímid leis. Níl aon choibhéis idir na hairm sin agus na hairm i seilbh na bhfórsaí slándála. Mar sin féin, sa chomhthéacs a bhaineann le tógáil comh-mhuiníne, cuirimid fáilte roimh thiomantas na Rialtas, a luaitear i mír a naoi den Ráiteas, "leanúint ar aghaidh ag cur bearta freagrúla i bhfeidhm, mar a chomhairleoidh a n-údaráis slándála faoi seach, de réir mar a laghdóidh an bhagairt i gceist".
55. Roinnimid an t-ionchas, curtha in iúl ag a lán daoine ar gach taobh, go mbeidh sé indéanta póilíneacht i dTuaisceart Éireann a normalú chomh luath is indéanta i bhfianaise na staide slándála. Dá ndéanfaí athbhreithniú ar imthosca maidir le hairm atá cláraithe go dlíthiúil agus úsáid urchar plaisteach, agus dá ndéanfaí dul chun cinn leanúnach maidir le hionadaíocht níos cobhsaí a chinntiú sna póilíní, rannchuideodh sé le tógáil na muiníne.
56. Mhol roinnt aighneachtaí ó bhéal agus i scríbhinn comhlacht tofa a bhunú. I mír a trí den Ráiteas, tugaimid faoi deara go luaitear "an bhféadfadh comhlacht tofa páirt a ghlacadh agus conas a d'fhéadfadh sé é sin a dhéanamh". Cuireann toghcháin a reáchtáiltear de réir prionsabail dhaonlathacha an toil choitianta in iúl agus léiríonn siad í. Dá mbeadh sé inghlactha go forleathan, le sainchúram cuí agus laistigh de struchtúr na trí shraith, d'fhéadfadh próiseas toghthach rannchuidiú le tógáil na muiníne.
57. Ar deireadh, leagadh béim arís agus arís eile inár gcuid cruinnithe ar an tábhacht a bhaineann le dul chun cinn breise i bhforbairt shóisialta agus eacnamaíoch Thuaisceart Éireann agus a phobal, sa chomhthéacs a bhaineann le muinín a thógáil agus síocháin bhuan a chur ar bun.
58. An tseachtain seo caite, sheasamar i mBéal Feirste agus d'fhéachamar ar bhalla tríocha troigh in airde le hiarann agus sreang dheilgneach ar a bharr. Tá an balla seo, ar a dtugtar "an líne síochána" go híorónta, ina shiombail inláimhsithe de dheighilt mhuintir Thuaisceart Éireann ina dhá phobal naimhdeacha. Ó dhearcadh an eachtrannaigh, bíonn an dá phobal teochroíoch agus flaithiúil. Idir eatarthu féin, áfach, bíonn siad eaglach agus naimhdeach.
59. Mar sin féin, is léir anois go dteastaíonn ó thromlach mór na ndaoine ón dá thraidisiún fáil réidh leis an am atá thart. Teastaíonn go mór ó dhaoine síocháin a bhunú i dTuaisceart Éireann. Tá an deis seo againn mar gheall ar an mian sin.
60. Is am ríthábhachtach é seo i stair Thuaisceart Éireann. Déanfaidh próiseas na síochána dul chun cinn, nó d'fhéadfadh eachtraí uafásacha na gcúig bliana is fiche deireanach teacht chun cinn arís.
61. Má chloíonn na páirtithe go docht leis na seasaimh a bhí acu san am atá thart, leanfar ar aghaidh leis an tsáinn gan réiteach atá ann ar feadh tamall ró-fhada cheana féin. I sochaí ina bhfuil deighilt chomh mór leis an deighilt i dTuaisceart Éireann, ní mór rioscaí a thógáil ar son na síochána chun an "líne síochána" a thrasnú.
62. Cé go bhfuil an chosúlacht air go mbaineann riosca mór leis, bheadh toradh iontach air: todhchaí de shíocháin, comhionannas agus rathúlacht do mhuintir uile Thuaisceart Éireann.
22 Eanáir 1996

